Faoin Suíomh Seo

Rinne Séamas Ó Neachtain an suíomh seo luath sa bhliain 2001, agus osclaíodh don saol é ar Lá 'le Pádraig 2001. Sa bhliain 2003, bhogamar go freastalaí níos fearr, agus rinneadh an Ghaeltacht Shamhailteach r-phoist. Sa bhliain 2004, rinneadh an clár plé. I 2004 freisin, thug Madhc MacNamarra cabhair dúinn chun dearadh níos fearr a chur ar siúl, chun an suíomh a dhéanamh níos éasca a úsáid, agus, bhuel, níos fearr! Cuireadh an leagan seo den suíomh ar siúl i Lúnasa, 2004. Arís in 2012, rinne Séamas Ó Neachtain dearadh úr-nua, chun nósanna thuas-chun-dáta a úsáid agus chun é a dhéanamh níos éasca a úsáid.