Raise Your Glass

Brian DeVale and Friends

Ó Tí Thrá Lí

(Read this page in English)

Chun sampla a chloisteáil, nó chun an DD seo a cheannach, téigh go CDBaby. Bhí an DD seo feabhsaithe is athléirithe, 2005. Cuireadh traic nua air, freisin.

Brian Brian

Tá sé anseo faoi dheireadh! An t-album atá bainte le hamhrán ar a bhfuil mórán gnaoi ag na daoine, "New York's Damn Bravest," a tháinig amach in 2001. Tá an t-amhrán sin ar an albam seo, agus leagan nua de as Gaeilge, dar teidil "Is Mó Damanta Cróga Nua-Eabhrac." Tá scaifte breá d'amhráin nua le Brian, agus mórán rudaí spéisiúla eile ina dteannta! Tá amhráin as Béarla agus as Gaeilge ar an albam seo. Seo duit cúpla focal ar gach ceann, agus roinnt de na líricí.

Traic 1

Limerick

Scríobhadh alt faoin Amhrán seo, atá faoin ngrá atá ag Brian do Limneach, sa Limerick Leader tamall ó shin. Is ceiliúra é den áit agus dena daoine atá ann. Níl fadhb ar bith ag Brian bheith déarfach faoi Limneach!

Traic 2

New York's Damn Bravest

Rinne Brian an t-amhrán seo in omós do na laochra de 9/11. An chéad uair, mar single, thug Brian cuid mhór den airgead a bhfuair sé as an dlúthdhiosca don NYC Fire Department's Widows and Orphans fund, agus d'éirigh sé leis go maith chun roinnt maith airgid a sholáthair dóibh. Anois, tá sé i measc an lín eile amhrán, mar a théann 9/11 níos faide uainn. Ach is cuimhin linn go deo.

Líricí

Traic 3

Na Buachaillí Álainn

Amhmrán traisisiúnta, curtha in eagar le Lugh De Paor (Luke Powers), agus leisean á cannadh, maraon le Brian agus a chairde.

Traic 4

Ireland's St. Bridget

Seineann an banna ceol traidisiúnta sa chúlra agus Brian ag léamh an dáin seo, a fuair sé mar bhéaloideas óna sheanmháthair. Cuirfidh sé prab sa fhuil Éireannach as ucht an tírghrá.

Traic 5

Éamonn an Cnoic

Ceann traidisiúnta eile as Gaeilge, le Brian mar amhránaí an uair seo.

Traic 6

Home Again

Ceann nua eile le Brian, faoin nasc atá aige le hÉire.

Traic 7

The Celtic Tiger

Amhrán nua le Brian, ag magadh beagán faoin Tíogar Ceilteach.

Traic 8

Nuair a Bhí Mé sa Cheathrú Rua

Fonn traidisiúnta as Ceanada anseo, ar a dtug Lugh De Paor liricí állainne, as Gaeilge, faoin spraoi is áthas a bhí ann i gConamara agus é ar scoil ag foglaim na Gaeilge. Agus luann sé ainmneacha!

Traic 9

Mise Brian

Tá Brian ag súgradh leis an dán seo as Gaeilge, ag magadh beagán faoi 'Mise Éire.' Seinnean an banna ceol traidisiúnta leis.

Traic 10

Home Again

Arís. Bhuel, tá an banna leis an uair seo! Is maith linn an dá leagan, Brian amháin, agus Brian leis an mbanna, agus mar sin, tugann Brian an dá acu chugat.

Traic 11

Cothrom an Lae

Seo dán as Gaeilge a léann Séamas Ó Neachtain (Jim Norton), an file féin. Tá sé faoina eachtra féin ar '9/11,' agus is é mar dhroichead anseo go dtí an traic deireanach.

Traic 12

'S Mó Damanta Cróga Nua-Eabhrac

D'ath-chum Réamonn Ó Cléirigh (Raymond Clark) amhrán Bhriain New York's Damn Bravest in Irish, agus glacann an banna go léir páirt leis a channadh. Is féidir go bhfuil níos mó croí agus anam sa cheann seo ná an chéad cheann. Cad a cheapann tú féin? Léadh an leagan gaeilge seo ar Raidió na Gaeltachta le déanaí.

Traic 13

Thank You For Bein' America

Líricí

Na Ceoltóirí

Brian De Vale

Guth, Giotar

Lugh De Paor

Guth, Giotar, Fidil, Píobaí

Séamas Ó Neachtain

Bainseo, Dord, Armónacha, Guth

Pádraig Ó Clúmháin

Feadóg Stáin, Flúit, Guth

Réamonn Ó Cléirigh

Bosca Ceoil

Léiritheoirí: Rich Spagnola agus Brian De Vale. Jason Walton, innealtóir. Déanta ag Band on the Run studios, Freeport NY. Feabhsaithe agus athléirithe ag Séamas Ó Neachtain, 2005.

Gach ceart ar cosnamh © 2003 Brian De Vale ar cheol agus eagar bunúil .