‘S Mó Damanta Cróga Nua-Eabhraic

le Brian De Vale

leagan Gaeilge le Réamonn Ó Cléirigh

 

 

‘Sea mar thaistil mo dhaideo an bealach thar lear

Ag iarraidh na saoirse ‘ba leis-sean le ceart,

Ba bheagán na doirse ‘bhí oscailte dó,

Ach stáisiún fhir dhóiteáin is chuaigh sé leo.


Mar narrowback tógadh sa tír seo mo dhaid,

Is dúirt sé go mbeinnse a mhacasamhail d’fhear

Ag obair le dréimire, crúca 'gus gró

Go dána ‘n aghaidh dainséar d’fhéar dóiteáin is gnó.

 

Cúrfá:

Agus suas an fad-dréimire, isteach linn sa mbladhm,

Ní glóirmhian, ní saibhreas, ní dea-cháil ár n-aidhm,

“’S Mó Cróga” ‘tá orainn, is sin rud is cóir,

‘Sinn mic na Sean-Éireann ar seirbhís sa ngorm.

 

Deartháracha ionainn ag tíocht aníos,

Thar srois na dtith’ spéire i Rockaway Beach,

Sna hóstaí sna geimhrí na samhraí fós linn,

Go buan ár ngrá 'gus an ceol againn binn.


Is dlúth inár ndúchas ag súil ar aon iúl,

Gach Lá Fhéile Pádraig go mbeimis ag siúl,

Sinn fairis ár laochra, na mór-fhir sa ngorm,

An bród ar ár n-athair ag sileadh na ndeor.

 

Cúrfá a dó

 

‘Sea na béiceacha damanta ‘tháinig isteach,

“Na túir sin,” “ard thuas,” “faoi thine ar fad!”

Amach linn!  Beo daoine a shábháil go léir

Tá orainn an glaoch a fhreagairt go géar,


Na staighrí, na dorchlaí dúdhorcha le smúit,

An teas is na lasraí ó ifreann lastuas.

Bhí óg agus aosta ann dóite go cnámh,

Cibé áit a raibh beatha ann, thug muid ár lámh,


Scairt muid le lár, ón a ceathair a náid,

An focal ar ais, “níl ach nóiméid amháin.”

“Ar tí titim a chéile,” “ag tíocht anuas,”

Cén chaoi le teitheadh dhá dtréigean sin thuas?!


Do na lagracha d’inis musid beagáinín bréag,

Ach taobh istigh thiar dínne, ghuigh muid chun Dé,

Ar ár mbeatha dhil gníomhartha croíbhrú a rá,

Is go gcumhdaí An Tiarna ár gclann is ár mná.


Ba bhráithre na laochra a chaill muid sna túir,

As gach cearn den domhan iad, bráithre an chriú,

Bráithre más  gabháil i gcontúirt a mionn,

Bráithre más daoine a shábháil a mian.

 

Cúrfá nua:

 

Agus suas an fad-dréimire, ‘steach linn sa mbladhm,

Ní glóirmhian, ní saibhreas, ní dea-cháil ár n-aidhm,

“’S Mó Damanta Cróga Nua-Eabhraic” le cóir,

Is mic as gach cearn sinn, ar seirbhís sa ngorm.

 

Na laochra le Peadar i bhfad siar ón ngleo,

Dhá gcuimhniú ag clanna sa tír seo na n-óg,

Ina bhfir, dilis, cróga, fíor, neartmhar d’fhórmhór,

Na mic de gach cine ar seirbhís sa ngorm.

 

Cúrfá deireadh:

 

Agus suas an fad-dréimire, ‘steach leo sa mbladhm,

Ní glóirmhian, ní saibhreas, ní dea-cháil a n-aidhm,

“’S Mó Damanta Cróga Nua-Eabhraic” 'na bhfoirm

Na mic de gach cine ar seirbhís sa ngorm.

 



Gach ceart ar cosnamh. © 2001/2002 Brian De Vale and Raymond Clark.

Scríobh chuig Brian ag TiTraLi@aol.com.