Modern Irish:
Marbh! Inniu, faoi shoith faoi shuan Tá an saighdiúir fíor; Marbh! Tá an laoch a sheas go buan Ar son a thír'; A thír a bhí, le comhrac, fán Ó dheas go tuaidh; Ó bharr go bun 'tá 'nois síocháin, Ba mhór an bhuaidh! Ciúin cróga bhí sé ins an troid, Le misneach lán; Níor mhianaigh sé a bheith i mbroid Fear dubh nó bán. Níor iarr sé glóire in aon bheart, Ba mhór a chroí, Ach tháinig sí go cóir, go ceart, 'Gus las a shlí. Ní fós ó chlann a dhúiche féin Do fuair sé glóir', Ach in gach tír faoi sholas gréin' Fuair sé onóir. Caoinimis é 'gus ní gan fáth, Óir bhí a shaol 'Na shampla fhíor den bhrí atá I sliocht na nGael. Marbh! Ach beidh a chuimhne beo 'N ár measc go bráth; Marbh! Ach beidh ár ngrá níos teo Ag fás gach lá!