Ord Dé
Le Séamas Ó Neachtain
(foilsíodh an scéal seo in Lá Nua agus in
Comhar in 2007)
Beidh mé béal faoi ar an talamh roimh dheireadh
an lae seo. Beidh fuílleach na beatha
atá caite agam scaipthe i mo thimpeall agus nochtfar an
toradh de os comhair an tsaoil, go drámata, cinnte. Beidh tábhacht an
lae seo léir do gach éinne. Ní bheidh aon fhilleadh ar ais ann dom. Agus tá imní go cnámh orm, cé go dtuigim cad
tá le déanamh agam. Táim ag guí, is ag ullmhú, ón nóiméad a dhúisigh mé, roimh bhreacadh
an lae. Táim ag ullmhú le blianta, dar
ndóigh, don saghas sin oibre. Rinne mé mo
mhachnamh aireach ar an gcéim seo atá romham cheana. Ach seo lá na cinniúna. Ní mór dom siúl isteach inniu agus an beart a dhéanamh, gan teip. Tá mórán daoine ag brath
orm. Tá siad go léir ag tnúth le
fíorú seo ár bpleananna, le toil Dé seo a chuir i gcríoch. Glór do Dhia na bhfeart, an
t-aon Dia amháin.
Éirím as mo leaba.
Tá sé tosaithe.
Ní mór dom bheith cúramach agus mé do mo bhearradh an
mhaidin seo. Tá mise lag, ach tá Dia
láidir. Oibrím chun dea-chuma a chur orm. Táim glan. Tá cuma shlachtmhar orm. Gnáth. Is gnáth-dhuine mé. Go fóill.
Ní bheadh a fhios ag éinne go bhfuilim chun
gníomh cróga a dhéanamh. Ach déanfaidh, le cúnamh Dé.
Gan teip.
Siúlaim amach an doras agus tá an spéir chéanna
ann, an t-aer céanna. Tá an ghrian chéanna ag taitneamh. Tá mo chomharsana ag siúl
timpeall. Ach ní ionann an lá seo agus aon lá eile roimhe. Níl a fhios agam an
bhfuil aon duine de mo chomharsana amhrasach fúm. Nó fiú fiosrach fúm. Bíonn comhráite gearra dea-bhéasacha
againn ó am go chéile. Ach ní insím mo scéal ar fad dóibh. Is gnáth-dhuine mé. Go bhfios dóibhsean.
Siúlaim go socair go dtí mo charr.
Tá gach a mbeidh uaim faoi m’ascaill agam, faoi
chlúdach. Tá éadaí glana nua ar leith
agam don lá seo. An
saghas éadaí a chaithfí ar Neamh, gan dabht.
Táim ag súil leis sin. Sin príomh-chuspóir mo
shaoil. Sin an
sprioc do gach aon ghníomh. Sin an fáth. Ar aghaidh liom. Ar aghaidh linne.
Sea, ba mhaith liom an méad daoine is féidir
liom a thógáil i mo chuideachta. Ní fheadar cé hiad na daoine a bheidh i mo theannta, i bhfírinne. Is mó rud nach bhfuil ar
eolas againn sa saol seo. Bím
amhrasach faoi go minic. Fúm féin, freisin. Ní réiteoidh mé gach fadhb inniu, ná baol air. Ach déanfaidh mé mo chuid,
le cúnamh Dé. Tá súil agam go
ndéanfaí mé toil Dé i gceart inniu. Go
ndéana sé a mhaith.
Tiomáinim go cúramach i mo charr go dtí an
foirgneamh. Tá sé
an-mhór, an-ghalánta. Lá breá earraigh atá ann.
An lá mór.
Tá mórán daoine ag teacht amach agus ag dul isteach. Mórán daoine tábhachtacha. Seo mo chuspóir. An ardeaglais. Faoi cheann tamaill, beidh
beagnach gach sagart sa deoise san halla mór seo. Beidh difear ina
gcomhaireamh ag deireadh na maidine seo, gan teip. Beidh gach rud difriúil ina
dhiaidh seo. Domsa go háirithe,
ach dóibhsean uile, freisin. Agus do na
daoine go léir ina dtimpeall. Comhartha
don saol ar fad a bheidh ann, i bhfírinne.
Ní rud beag atá i gceist agam. Beidh easpaig anseo,
freisin. Prionsaí
na hEaglaise Caitlicigh. Agus na céadta daoine eile.
Beidh an áit plódaithe. Sea, sin an focal
ceart. Fianaise sa bhfíorchreideamh
a thabharfaidh mé.
Siúlaim isteach cúl –doras.
Níl ach cúpla duine sa chuid seo den fhoirgneamh, agus
aithníonn roinnt díobh mé. Táim inghlactha anseo.
Nílim i mo strainséir. Táim ag ullmhú don lá seo le fada. Ach inniu, tá mé corraithe
as an ngnáth, ag cur allais. Ní thugann éinne faoi deara sin, go bhfios dom. Níl ann ach mise. Tá sé beagnach in am, agus
táim an-neirbhíseach. Faighim cabhair ó chúpla comhghuaillí a bhí anseo romham, chun mo
threalamh a chur in ord. In ord. Nach
oiriúnach an focal sin. Bíonn focail
an-tábhachtach. Ach inniu, is é an gníomh fisiceach an rud is tábhachtaí.
Nuair a thosaigh mé ar an aistear spioradálta seo, agus is é sin atá i
gceist, ní raibh mo thuismitheoirí an-sásta.
B’fhearr leo dá mbeadh bean agam, agus gar-pháistí
dóibh. Cheap mo dheirfiúracha
agus mo dheartháireacha go raibh mé as mo mheabhair ar fad, ar dtús. Bhí fearg orthu, agus
mhínigh mé dóibh. De réir a chéile,
thuig siad go léir. Tá
siad bródúil asam anois, agus ar aon intinn liom. Tá siadsan ag tnúth leis an
lá seo níos mó ná mise, déarfainn. Beidh
mé i mo laoch dóibh, agus beidh an meas atá ag a gcuid
cairde orthu ardaithe mar gheall ormsa, deir siad. Beidh a fhios ag
gach éinne go ndearna a mac, a ndeartháir, go ndearna mise rud dár
muintir. Feicfidh
siad. Agus
ansin, beidh mé ag guí ar a son.
Tá sé in am dom siúl isteach i measc na ndaoine. Go dtuga Dia a neart dom. Tá mo chuisle ag bíogadh go tapa. An bhfeicfidh mé
solas? An
gcloisfidh mé guth Dé? An mbeidh mé
aistrithe go tobann? Nó an mbeidh aon
difear ann do mo thuiscint ar an réaltacht, ar an saol
seo, ar an saol eile? Chuala
mé na scéalta. Ach
tá sé ag tarlú i bhfírinne anois.
Creidim.
Creidim, gan dabht. Táim sásta go mbeidh sé go hiontach. Táim sásta go mbeidh mé i gceart. Táim ullamh.
Cuirtear na héadaigh speisialta orm.
Abraim véarsaí as scríbhinn an Fháidh. Cuireann mo
chomhghuaillithe a lámha orm, duine i ndiaidh duine, agus ansin imím uathu. Guím gach rath orthusan,
freisin. Geallaim
umhlaíocht rompu. Siúlaim i m’aonar. Braithim gach duine ag féachaint orm. Ach tá sé in am. Baineann sé leis an ola,
deirtear. Fuarthas
sin. Ach níos
tábhachtaí ná sin, gan aon agó, tá sé faoi Dhia. Baineann sé leis an gceart, agus leis an bhfírinne. Gheobhaidh siad toradh a shaothair anois. Déanfar toil Dé.
Titim chun talún, agus ní bhogaim.
Fanaim mar sin le fada. Éirím go
mall. Is fíor é! Buíochas mór le Dia. Níl aon dabht agam anois. Táim i mo shagart faoi
dheireadh. Tá
Dia láidir, agus tá máthair mhaith Aige. Ar aghaidh linn chun na bhFlaitheas!
Siúlaim i measc na ndaoine, agus pléascann an
áit le bualadh bos. Go ndéantar Do thoil, a Thiarna,
go ndéantar Do thoil!