Tá Cara Nua ag Seán
Bhí sé geal te. Bhí mé ag siúl amuigh faoin spéir. Chonaic mé fear ina shuí ar bhinse sa pháirc. Thug sé bia do na colúir. D'ith siad an bia sin. Tar éis tamaill, ní raibh siad ag siúl. Ní raibh siad ag eitilt. Bhí siad go léir ina luí ar an talamh. Ní raibh siad ag ithe.
D'imigh an fear sin, agus mise ina dhiaidh. Bhí ionadh orm, agus ní raibh a fhios agam cad a bhí ar siúl. Lean mé an fear go dtí teach beag sa bhaile mór. Chuaigh sé isteach. Bhí solas dearg taobh leis an doras. Tháinig striapach, agus chuaigh sí isteach. Bhí colúr aici!
Tar éis tamaill, tháinig colúr amach as an bhfuinneog, agus thit sé go talamh. Ansin, tháinig striapach as an bhfuinneog! Thit sise go talamh. Bhí eagla orm anois! Ní maith liom stuif a thagann as fuinneoga orm.
Tháinig an fear amach as an doras. Bhí fearg air. Rug mé ar an gcolúr marbh agus thug mé dó é. Ansin, bhí áthas air. Níor rug mé ar an mbean bhocht a bhí ar an talamh. Ní raibh sí marbh fós.
Chuamar ar ais go dtí an pháirc. Thugamar cúpla cic do na colúir le chéile. Thógamar reoiteog ó pháistí a bhí ansin. D'itheamar é. Thosaigh siad ag gol. Bhíomar ag gáire. Thugamar colúr marbh dóibh. Rith siad abhaile. Bhí lá breá sa pháirc againn. Ansin, tháinig na gardaí, agus thóg siad mo chara nua uaim.
Dúirt mo mhamaí liom gan a bheith ag caint le strainséirí, ach níl a fhios agam cén fáth.