[Irish sources and comments are below the English]

When to use the particle 'a' before a verb

(focussing on the simplest cases only)


The main use of the particle 'a' with a verb is when the verb takes a direct object (needs to be about something). The construction of the sentence is

main clause + object + a + verb

i.e. main clause + direct relative clause


Tá an fear anseo (simple sentence). [the man is here]

Feicim an fear atá anseo (feicim an fear + more about him in the relative position, hence the relative particle 'a' (which attaches to 'tá' but is usually a seperate word)). [I see the man who is here].


Other examples:

Tabhair dom leath an airgid a fuair tú (fuair tú an t-airgead, switched around to a relative clause). [Give me half of the money that you got]

Bhí fearg air as ucht (cionn is,de bharr, de dheasca, siocair, toisc) daoine a bheith (a bhí, a bheadh...) ag magadh faoi. [He was angry because of people who are (were, might be) making fun of him]. Táim ag déanamh na hoibre. [I'm doing the work]. Sin an obair a rinne mé. [That's the work I did]. Ba mhaith liom an obair sin a dhéanamh. [I wanted to do that work / would like to do that work].


There is an indirect relative also. This is [mostly...] relative to a dative case object, which is always the subject of a preposition.

Tá hata ar an bhfear (simple). [There is a hat on the man]. Feicim an fear a bhfuil hata air. Inidirect relatives use the dependant form (question form) of the verb. [I see the man who has a hat on (him)].

(The indirect relative is used for other special things, like all inclusive (collective) amounts or location - you can look at the examples at the end...)


If the verb does not refer back to an object (either direct or indirect), except for special cases with particular meanings (read all about it in the Caighdeán Oifigiúil or any good grammar), then it does NOT get a relative particle. EXCEPT, confusingly, for 'a bheith'. This particular verb's infinitive (verbal noun) is generally used with the 'a'. Ba mhaith liom teacht. [I would like to come]. But, Ba mhaith liom a bheith ann. [I would like to be there]. Abair leis teacht [Tell him to come]; Abair leis a bheith ann romhainn [Tell him to be there before us].


More examples:

Ba mhaith liom caint a dhéanamh. [I would like to (make) talk]. Ba mhaith liom a bheith ag caint leat. [I would like to be talking to you]. Ba mhaith liom dul ann. [I would like to go there]. Ba mhaith liom a bheith ag dul ann i do theannta. [I would like to be going there in your company].


Phrases involving time, and questions, also use the particle. An uair a bhí mé ansin. [The time I was there]. An uair a cailleadh an fear bocht. [The time (when) the poor man died]. Cathain a tharla sé? [When did it happen?] Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmaid? [What shall we do from now on without wood?] Sin an áit a raibh mé i mo chónaí ann. [That's the place in which I was residing].


Note: Máiréad Ní Ghráda in Progress in Irish uses 'Cad tá' and 'Cé tá', but in the caighdeán it is 'cad atá' and 'cé atá'. I've always been bothered by that... Cad 'tá le déanamh [What is to be done?], as pronounced, but should show it is the relative 'atá' by using the apostrophe...

From the CO: Cé atá ag déanamh an athraithe? [Who is making the change?]


(Note that in English, direct and indirect can be seen in the proper usage of 'who' and 'whom' - the man who came to dinner, the man to whom I was speaking).

--------------------------------------------------------------------------------------------------------------------------

[The rest is in Irish from various authoratative sources]


An Foclóir Beag, a5:

a - mír choibhneasta dhíreach (an té a chuireann an síol; an cat a d'ól an bainne; an síol a cuireadh san earrach); mír choibhneasta indíreach (an gort a gcuirtear an síol ann; an té a n-óltar a shláinte)


Graiméar na mBráithre Críostaí:

20.8 a: cónasc coibhneasta dearfach díreach

Foirmeacha coibhneasta na n-aimsirí táscacha agus an mhodha choinníollaigh a thagann i

ndiaidh na míre seo agus iad séimhithe ach amháin i gcás shaorbhriathar an táscaigh chaite.

Uaireanta tagann an mhír d' idir a agus an briathar. Níl aon tionchar ag a ar d': an fear a

chuireann (a d'ólfadh, a d'fhreastalaíodh); an síol a dhíoltar.

Ach an síol a díoladh.


29.3 Fochlásal ráiteasach [indirect speech]

Is minic a dhéantar frása ainm bhriathartha a úsáid in ionad fochlásal ráiteasach: tharla gan aon duine a bheith ann;

ba mhaith liom tú a dhul. Tá a lán clásal ann nach féidir frásaí a dhéanamh díobh: dúirt sé go rachadh sé, etc., agus a lán frásaí ann nach féidir clásal a dhéanamh díobh: caithfidh sé fanacht ina thost, etc.

[ar mhiste leat teacht, b'fhéidir liom cabhrú leat, níl féidir liom cloisteáil, srl. - ach: b'fhéidir liom sin a dhéanamh, Ní féidir liom tusa a chloisteáil...]


An C.O.:

An tAinm Briathartha

a bheith*

*a bheith a bhíonn ann seachas i ndiaidh chun nó réamhfhocail shimplí áirithe, e.g., chun bheith, as bheith, gan bheith, le bheith.

[Ba mhaith liom a bheith i mo Superman, ach Ba mhaith liom eitilt mar Superman]


Séamas:

Ach amháin 'le bheith', chuala mé go minic 'a beith' leis na réamhfhocail eile. Gan a bheith cinnte, chun a bheith cinnte...

Mar sin: Ba mhaith liom a bheith cliste.


As an CO:

11.9 an clásal coibhneasta – samplaí breise

Coibhneas Díreach Sampla

cad

Cad a tharla?

Cad is brí leis sin?

cathain Cathain a fuair tú an carr nua?

cá fhad, cén fhad*

Cá fhad a bhí sibh ann?

Cén fhad a mhair an cheolchoirm?

cá mhéad, cé mhéad, cén méid

Cá mhéad leabhar atá agat?

Cé mhéad a fuair tú mar íocaíocht?

Cén méid a chosnaíonn sé?

cé Cé a bhí leat?

cé acu, cibé acu

Cé acu mise nó tusa atá i gceist?

Is cuma liom cé acu a rinne sé é nó nach ndearna.

Beidh feidhm ag an socrú cibé acu atá sé sásta nó nach bhfuil.

céard Céard atá ar siúl agat?

cá huair, cén uair

Cá huair a tháinig sí?

Cén uair a chríochnóidh an scannán?

chomh + dobhriathar ama + is

Coimeádfar na sonraí sin chomh fada is a bheidh siad riachtanach.

Cé chomh minic (is) a bhíonn cóisir agaibh sa teach?

conas Conas a dhéanann tú é?

cad é mar, mar (cónasc)

Cad é mar a chuir tú aithne air?

Déan mar is ceart é.

nuair Cuirfidh mé scairt ort nuair a bheidh deis agam.


Coibhneas Indíreach Sampla

an áit, cá háit, cén áit

Sin an áit a raibh sé.

Cá háit a mbíonn na ranganna sin ar siúl?

Cén áit a ndeachaigh sibh ansin?

an chaoi, cén chaoi

Ba é sin an chaoi ar chuala mé faoi.

Cén chaoi ar tharla a leithéid?

an dóigh, cén dóigh

Sin an dóigh a bhfuil sé anois.

Cén dóigh a ndéantar an obair?

an fáth, cén fáth

Is é sin an fáth a raibh áthas orm.

Cén fáth a gcuireann tú do chuid ama amú mar sin?

cad chuige Cad chuige a ndearna tú sin?

cad ina thaobh Cad ina thaobh ar inis tú bréag?

an tslí, cén tslí

Ní maith liom an tslí a bhfuil sé á chur i bhfeidhm.

Cén tslí a dtoghtar comhaltaí an tSeanaid?

ar (sa bhrí an méid a, an méid ar);

gach a, gach ar (sa bhrí gach rud a,

gach rud ar)

Ólann sé a dtuilleann sé.

D’ól sé ar thuill sé.

Faigheann sí gach a bhfuil ag teastáil.

Fuair sí gach ar theastaigh uaithi.

mar (sa bhrí áit)

Chuaigh mé go dtí an siopa éadaí mar a ndíoltar geansaithe áille olla.

Sin é teach m’aintín mar ar mhinic mo chuairt.