Conas a rá...
Bailiúchán
Cor Cainte
le Gearóid Ó Laoi
A 100 pound reward:
Céad punt de dhuais
A bird in the hand is worth two in the bush: Is fearr breac sa láimh na
bradán sa linn.
A book about London: Leabhar faoi Lonndon
A knock came to the door: Cnagadh ar an ndoras
A life of excess: Saol na bhfuíoll
A light touch (writing): Stíl éadrom
A likely story, likely looking: Dealraitheach
A little bit more than thirty: Breis bheag is tríocha
A man of endurance: Fear go bhfuil fulaingt ann, teacht aniar ann
A mass will be said for the repose of his soul: Cuirfear aifreann lena anam
A player of his quality: Imreoir dá chaighdeán siúd
A poor specimen of ..: Leithscéal de rud..
A trade that it would be difficult to imagine him doing: Ceard ba dheacair a
shamhlú leis
A very real fear: Eagla na háirithe
A wheel turning: Roth ag iompú
A wolf in sheep's clothing: An sionnach i gcraiceann na caorach
Abide by the truth: Siúl ar an bhfírinne
According to precedent: De réir nóis
Accumulate: ag carnadh. Tiomsaigh Méadaigh
Ad nauseam: Go strambánach
Admire: Iontas a dhéanamh de (TOL)
Adopted country: Tír mo dhídine
Afford: Tá sé d'achmhainn NÓ de ghustal aige.
After all: Tar éis an tsaoil
Alive and kicking: Beo beathach, beo beathúch
All his ancestors: A sheacht sinsear..
All mixed up: Ar fud a chéile, ar fud fad a chéile, ar fud fad trína chéile
All over, everywhere: Ar fud na bhfud
All square: Cothrom
An army marches on its stomach: An bia capall na hoibre
An eye opener: Oscailt aigne agus oscailt súl
An issue: Usually ceist
An pobal ar de sinn: of which we are or belong
Anticipate: Súil roimh. Réamheas Tuar etc
Anticipation: Beartú roimh ré. Réamhghabháil
Anyone could see: Chífeadh dall gan súil..
Anyway decent etc. of clothes: ar aon slacht
Apart from, leaving that out of it, despite, : In éagmais
Apply for (job): Cuir isteach air
Approach of death: Ionsaí an bháis
Approve of: Bheith i bhfách le: I don't approve of them = níl siad chun mo
thaitnimh
Approve: Aontaigh le Ceadaigh Glac le Formheas Taobhaigh le
Are Ireland expected to win this match: An bhfuil ainm na hÉireann ar an
gcluiche seo
Are there any developments in the story: An bhfuil cor nua sa scéal
Are you assuming: An bhfuilir ag déanamh talamh slán de
Arm in arm: Uilinn in uilinn a chéile
As against that: Os a choinne sin, ina choinne sin
As bald as a coot: Chomh maol le tuairgnín, le croí mo dhearnan
As black as soot: Chomh dubh leis an sú, dubh le pic
As cheeky answer to < what have you done with it etc.>: Fiafraigh den
gcat é
As far as I know: De réir m'eolais, ar feadh m'eolais
As far as I remember: De réir mo chuimhne
As far as I'm concerned: I mo chora féin de
As far as my eyes can gauge: Ar thomhas mo shúl
As far as you could see: Chomh fada agus a rithfeadh do súil
As likely as not: Chomh dócha lena athrach
As much as: A oiread agus
As quickly as they came: Chomh tiubh is a thagaidís
As soon as: A thúisce, chomh luath agus
As the fella said: Fé mar a dúirt an té a dúirt
As you're there..: Ó tharla go bhfuil tú ann
Ask a question: Rud a fhiafraí de dhuine
Ask about something: Faisnéis a chur fé rud
Ask him a favour: Iarr gar ar
Ask him the time: Fiafraigh de cén t-am é
Ask him the way: Cuir eolas an bhóthair leis
At a pinch: Má's gá
At all at all: Dubh bán ná riabhach
At full force: Ina lán neart
At his own expense: Ar a chostas féin
At the best of times: An lá ab fhearr a bhí sé
At the least: Ar a laghad, ar a bheag
At this stage: Ar an bpointe seo
At your own risk: Ar do phriacal féin
Bad cess to you: Díth béasa ort!
Badly affecting them: Ag breith cruaidh orthu
Badly wanted: Ag teastaíl go dóite
Barely..: Ní raibh ann ach go
Could get at..: Níl dul ar..
Creep, crawl: Snámh v. Eascann ag snámh ar an dtalamh. Shnámh sé aníos
chugainn = he sneaked up on us. Ag snámh thart = crawling, loitering about.
Tá sé ag snámh leis síos an bóthar = he is dawdling along down the road
Crux: Croí na ceiste: bun agus barr an scéil
Dá laghad a thaitnaíonn sé liom: Little as I enjoy it.
Dá mhéid mo mheas air: Even though I think highly of him..
Dart towards: Sciuird a thabhairt, ionsaí, tabhairt faoi de sciotán
Dead loss: Caillteanas glan
Death-knell: Creill bháis
Deceiving: Mealltach. Beguiling, alluring, coaxing, deceptive, disappointing
Deep-seated: Dearg- Dubh-
Defect: Máchail f2
Delicate situation: Cás tinneallach, cigilteach. Delicate
question = scéal
íogair. To tread on
delicate ground = siúl ar thanaí. Delicate health =
drochshláinte. Delicate person = leochaileach, treolaí, treáninneach.
Delicately = go fíneálta
Dependance: Cleithiúnas. I gcleithiúnas duine
Did he sound well?: Ar bhraithis ar fónamh é, ar thaibhsigh sé go maith ?
Did you do some of that work?: An raibh lámh agat san obair sin
Disapprove of: Bheith míshásta leis
Discarded: Caite ar chúl (MOS)
Discreet person: Béal ina chónaí
Discussing things: ag déanamh comhairle. Also means to come to a decision.
Dismissively: = indifferently. Ar nós cuma liom, go patuar, go fuarchúiseach
Disorientate: Cuirim dá threo, dá threoir
Distract: Aigne duine a bhaint de rud, mearaigh, iúl duine a bhaint de,
distracted = ar mearaí, ar bharr a chéille, trína chéile
Do you do any of that kind of work.: An mbíonn lámh agatsa san obair sin?
MOS.
Do you mean me?: An mise atá tú ag rá?
Do you speak Irish: An bhfuil Gaeilge agat
Does he have his marbles, is he compos mentis: An bhfuil sé ina chéill.
Don't complain too much: Ná bí róghearánach
Don't content yourself with that version of the story: Ná codail ar an
gcluas sin
Don't count your chickens: Ní breac é go raibh sé ar an bport
Don't dare touch it: Ná buail barr méire air adeirim
Don't fall asleep: Ná tagadh aon néal codlata ortsa
Don't hold that statement against me: Ná hagair na focail sin orm
Don't part with it for anything: Ná tabhair ar chamán ná ar liathróid é
Don't take for granted: Ná déan deimhin ded' dhóchas
Don't touch it: Ná leag lámh air
Donncha had a daughter: Saolaíodh leanbh iníne do Dhonncha
Down as far as possible: Chomh fada síos is atá síos ann
Drinking too heavily: Ag dul ródhian ar an mbuidéal
Driven out of his mind: A mheabhair bainte de
Each one of them got a dog: Fuair siad madra an duine
Elaborate: Críochnúil (thorough), complex = casta, of inspection = mion, of
style = greanta, saothraithe
Elan Flair: Ligean Mire meanman
Embedded: Istigh
Evenly matched: Ar aon chumas
Every bone in your body will be broken: Roinnfear do cheithre chnámh ar a
chéile
Every cloud has a silver lining: Ní bhíonn néal gan ghealán
Every disease under the sun: Seacht ngalar na sléibhte
Everyone has his own problems: Gach fear is a ghalar féin air
Evict: Seilbh a bhaint de : Ag baint seilbhe de
Exactly the same as: Gan aon oighre air ach.. oidhre also
Exactly: Díreach..
Exploiter: Fear éadála ?. Éadáil a dhéanamh ar dhuine = to to gain at the
expense of someone.
Expressive: Lán de bhrí, tromchiallach
Face to face: ar bhéal le. béal ar bhéal.
Falling behind: i
ndiaidh láimhe, i ndiaidh lámha
Fetch: Téir faoi choinne OR faoi dhéin OR i gcomhair. Fetch a price =
chuaigh ar
Few people: Puinn daoine
Fill it to the brim: Lomlíon é: cuir a lomlán ann.
Fire Risk: Riosca dóiteáin
First catch your hare: Cuir an breac san eangach sula gcuire tú sa phota é
First come first served: Tagadh do sheal mar a tháinig tú féin, an té is
túisce chun na picleach. Céadbhlaiseadh, céad duine (GOL).
Firstly: Sa chéad dul síos
Five point star: Réalt cúig rinn
Fix it onto the window: Daingniú ar an bhfuinneog
Flat on his back: Sínte glan ar fhleasc a dhroma
Flat out: Ar a dhian-dícheall
Flat out: amach as mo chroí
Fleeing from the law: Ag teitheadh ó thóir an dlí
For 24 hours: Le ceithre uaire fichead
For all the gold in the world: Ar ór an tsaoil
For keeps: Go buan, ar bhuan-choinneáil
Forget it: Fág é mar scéal, fág marbh é
From the vertical: As a dhíreach
From which I or we conclude: Rud a fhágann...
Frown of concentration: Na gruanna cruinnithe, an díriú aigne, cruinniú
aigne le aithint, feiscint ar a aghaidh, na malaí cruinnithe
Frustrate: Cuir frustrachas, (Plan) sáraigh, mill, frustrated = clipthe
Fuck you too!: an eascaine chéanna ort!
Generic name: Ainm cineálach
Get down to doing something: Crom ar...
Get the better of: Gabháil lastuas de: nó dul lastuas de
Go into hiding: Dul faoi cheilt
Going into teaching: Ag dul le múinteoireacht
Going on and on about something: Ag déanamh seanbhróg de, ag imeacht chun
seanbhróig, píobaire an aonphoirt, bíonn an port céanna aige i gcónaí
Going to hell: Dul sa bhfiantas
Good for you: Mo ghrá i gCaiseal tú
Good times and bad times: Tamall sásta agus tamall míshásta
Good timing etc.: Tráthúil
Grade: Comm. Cáilíocht f3 Hierarchy = aicme. Schol = grád m1. Class = rang.
Verb = rangaigh OR grádaigh
Handle Manipulate: Ionramháil
Hasn't he great words: Nach aige atá na téarmaí
Hasty judgement: Grod-bhreith
Have a go, try it: Féach leis
Have feeling for: Tuig
He MAY not be hungry: B'fhéidir ná fuil ocras air
He always tried to avoid the wet: Bhí sé an-sheachantach ar an bhfliuchán
He arched his back: Chuir sé dronn air féin
He asked to be left in: D'iarr sé a ligean isteach
He bossed everyone: Dhein sé barrastóireacht ar gach éinne
He broke his word: Bhris sé a fhocal
He burnt his boats: Níor fhág sé caoi teite na tormais air féin
He gave me a tap: Thug sé mion-bhuille dom, cnag, criog (Connemara). Bhuail
sé ar an ndoras, bhuail sé buille ar an ndoras, chnag sé ar an ndoras
He gave me full measure: Thug sé an tomhas go maith dom
He gave me permission to go: Thug sé cead bóthair dom
He had a big influence on the play: Is mór a chuagh sé i bhfeidm, i gcion ar
an imirt
He had given himself up for lost: Bhí coinne déanta lena anam aige
He had her on his arm: Bhí sí ar bhacán a láimhe leis
He had the sense to: Bhí sé de stuaim aige
He hadn't a brass farthing: ní raibh pingin rua aige
He has a card up his sleeve: Tá cárta cúil aige
He has a good attitude: Tá dea-dhearcadh ann
He has a long reach: Tá sé fada sna lámha
He has a reputation for being a good teacher etc.: Tá ainm na
múinteoireachta air, ainm in airde mar mhúinteoir air
He has an air about him: Tá cuma ghalánta air, tá roilsí ag baint leis.
He has bled too much: Tá an iomarca fola tugtha aige
He has done great work and is well recognised for it: Tá ard-obair déanta
aige agus ard-aithne air ina thaobh.
He has his wits about him: Níl aon fhán air
He has lost the use of his arm: Tá a sciathán síos leis
He has poor prospects: Tá an scéal an-bhreac aige
He has sharp ears: Tá cluasa easóige aige
He has the worries of the world on him: Tá seacht gcúraimí an tsaoil air
He is a discerning judge: Tá breithiúnas, breithiúntas, breithiúnachas,
maith aige
He is as broad as he is long: Tá sé comhfhad comhleithead
He is fit for nothing: Níl aon saghas críche air, níl ann ach cúl le rath.
He is fit for a job = tá acmhainn a chuid oibre ann. It is a horse fit for a
king = díol rí de chapall.
He is here in his two roles: Tá sé anso ina dhá hata. Hata can be used for
role
He is in good form: Is éadrom a chroí, tá croí éadrom aige
He is not much better than me: Ní mór sa bhreis aige orm
He is not to be denied: Ní féidir é a chur ó dhoras
He is only looking for an excuse: Níl uaidh ach iarraim cúis
He is out of time with the rest: Níl sé ar chomh-bhuille leis an gcuid eile
He is reputed to be rich: Tá clú an tsaibhris air
He is very aware of his social status: Is breá leis an uaisleacht ??
He is well again: Tá sé thar n-ais ar a shean-léim
He is widely known: Tá aithne go fada leitheadach air
He kept a straight face: Choinnigh sé dreach stuama air féin
He knows better than to do it: Ní baol dó é a dhéanamh
He knows every individual sheep: Aithne chinn
He laid a trap for him: Bheartaigh sé inneall dó. Inneall here = device,
trap. D'fhéadfá gaiste a úsáid
He likes to sit beside me: Is lem' ais is fearr leis suí
He looks like his father: Tá dealramh a athair air, tá sé dealraitheach lena
athair
He lost touch with them: D'imigh sé ó chaidreamh ortha
He made a clean sweep of it: An clár a lomadh etc., níor fhág sé fuíoll
buille air. He made a clean sweep of his staff = chart sé amach a raibh ar
an bhfoireann
He made sacrifices for it: Chuir sé crua air féin etc.
He may get it: Seans ann go bhfaighidh sé é
He may not be hungry: B'fhéidir ná fuil ocras air
He met with a loss: Tháinig caill air
He misses little: Is beag atá ag dul amú air
He models himself on..: Deineann sé aithris air, tá sé mar mhúnla aige.
Céirshamhail = wax model. Cuspa = artistic model.
He pointed his finger at her: Dhírigh sé a mhéar uirthi
He praised me but he didn't mean it: Mhol sé mé ach ba ó bhéal é.
He prompts him into action: Spreagann sé chun gnímh é
He put his arm around her: Chuir sé a lámh thairsti
He put his foot in a trap: Do chur sé a chos in inneal
He puts on airs: Bíonn éirí in airde ag cur as do. Dhein sé duine mór de
féin os mo choinne, bhí sé ag cur gothaí air féin liom
He ran out of money: Ní raibh aon airgead fágtha aige! Rith sé as airgead.
The potatoes were running out, ag dul as, ag éirí gann, tearc
He regarded that as a minor inconvenience: Ba shuarach leis é sin mar
chonstaic
He risked his life: Chuaigh sé i bhfiontar a anama. Chuaigh sé sa tseans
He rose to the bait = mheall an cleas é:
He saw him in action: Chonaic i mbun birt é
He scored an own goal: Chac sé ina nead féin !
He shelved it: Chuir sé ar athlá é
He silenced me: Bhain sé an chaint díom
He sold it at a loss: Dhiol sé fé ráta é
He spares no effort: Ní dheineann sé aon leath dá dhícheall
He spoke of nothing else: Ní raibh as a bhéal ach é
He spoke with relish: Labhair sé go díograiseach
He sure knew his business: Bhí a cheard aige siúd
He takes the biscuit: Ná hiarr ina dhiadh é
He thought they were a special crowd: Ba dhream speisialta iad aige, nó aige
iad.
He threw a fit: Bhuail racht é
He threw away his chance: Lig sé an fhaill uaidh
He threw away his life: Reic sé a bheo in aisce
He took the audience by storm: Chuir sé cluain ar an lucht éisteachta as
láimh
He treated it as a joke: Lig sé amach ar ghreann é. Dhein sé magadh de
He was AT the funeral: Bhí sé SA tsochraid
He was a good motivator: Ba mhaith an fear é chun daoine a spreagadh
He was closely questioned: Deineadh dian-fiosrú air
He was covered in mud: Bhí culaith dhraoibe air
He was elected unamimously: Tofadh d'aon ghuth é, d'aon toil
He was excluded: Cuireadh as an áireamh é
He was flabbergasted, lost courage: Thit an lug ar an lag aige
He was in top form: Bhí sé lán croí agus aigne, bhí croí ard aige
He was involved in it: Bhí lámh aige ann
He was left out ( of the team etc.): Fágadh ar lár é
He was making faces at me: Bhí sé ag cur strainceanna air féin liom
He was refused a hearing: Ní bhfuair sé éisteacht
He was sent away with a flea in his ear: Cuireadh chun bealaigh é go
maolcluasach
He was short two votes: Bhí sé gann de dhá vóta
He was struggling with: Bhí deacrachtaí aige le
He was stuck to the ground: Fuaite don talamh
He was swamped in work: Bhí sé go dtí an dá shúil in obair
He was the real thing: Bhí an braon ann
He was thrown on his own resources: Fágadh ar a chonlán féin é
He was under threat of expulsion: Bhí an bagairt air é a dhíbirt
He was very generous: B'é croí na féile é
He was very unlucky: Bhí dearg mhí-ádh leis
He was well disguised: Bhí an cheilt go maith air
He well deserves it: Is maith an airí (f4 = just reward or punishment) air
é. Airí m4 = symptom or physical property
He went white etc.: D'iompaigh an lí air. Bhí dath an bháis air
He who has ears to hear: An té go bhfuil cluasa air
He who has nothing: An té gan chuid
He will come to a sticky end: Beidh droch-chríoch air
He will never hear the end of it: Níl dul abhaile aige mura
He would make you believe anything: Dhéanafadh sé nead id' chluais
He wouldn't do things by halves: Ní dhéanfadh sé aon dá leath dá dhícheall
He wouldn't let the ground shift under his feet: Ní bhéarfadh an fuacht ar
an dteas aige, ní bhéarfadh an gruth ar an meadhg aige
He'd drink everything: D'ólfadh sé an sop is an srathar
He'll meet his match: Casfar fear a dhiongbhála air
He's a stick in the mud: Níl ann ach téanam abhaile
He's a thrill-seeker: Is maith leis dul sa bhaol ?
He's at a loss: Tá sé ina bhambairne, tá sé ag dul sa mhuilleann air
He's back to his old self: Ar ais ar a shean-léim aríst
He's nuts: Tá lúb ar lár aige
He's recovering rapidly: Tá sé ina tháinrith chun sláinte (stampeding)
He's slapping his hands together: An dá bhas á bhualadh aige ar a chéile
He's the key player: Eisean an príomh-imreoir
He's the living image of: Níl aon oighre oidhre ar ach é
He's working like a Trojan: Obair na gcapall
He's worried about himself: Tá imní air, tá sé trína chéile ina thaobh féin
Head first: I ndiaidh a chinn
Head off the cattle: Bac na beithígh
Help yourself: ith leat
High and low: Idir fán is ard
His eyes glazed: Tháinig scannán ar a shúile
His face relaxed into a smile: Rith meangadh gáire air
His hackles were raised: Cuireadh cochall air
His hat etc. is down over his ears: Tá an hata ina phúic air
His is a bad shot: Tá drochurchar aige
I will consider it: Déanfad macnamh air
I won't be under the lash of your tongues: Ní bhead fé bhur mbéal
I wonder whether..: Níl a fhios agam.. n'fheadair..
I would have been better off at home: Ba dheas an margadh dom fanacht sa
bhaile
I would hold my breath: Stadfadh m'anáil orm
I would swap nothing for that: Ní thabharfainn cac gé mar mhalairt air
I wouldn't be in my interest: Níor mhaithe liom é..
I wouldn't doubt you: Ní dhéanfainn dabht díot
I wouldn't mind..: D'oirfeadh..
I'd risk anything for it: Raghainn faoin roth
I'll be even with him yet: Beidh mise cúiteach leis sin fós
I'll bet ya: Cuirimse geall leat go..
I'll have to wind up: Caithfead glinneáil
I'll repay him with interest: Tabharfaidh mé tomhas a láimhe agus tuilleadh
dhó
I'm ignorant of that: Táim dall ar sin: aineolach ar
I'm in a quandary about: Táim i dteannta nimhe fé..
I'm inclined to: Tá fonn orm..
I'm jealous of him: táim in éad leis, tá formad agam leis
I'm not making out that it was a great feat: Nílim ag iarraidh gaisce a
dhéanamh de
I'm supposed to be there: Táim le bheith ann
I'm tied to time, have a tight schedule: Táim ag faire na huaire
I've all sorts of things wrong with me: Tá seacht ngalar na sléibhte orm
I've an appetite: Tá béal agam
Identify: Aithin Sainaithin: Unidentified, gan aithint
If I could pick and choose: Dá mbeadh breith ar an dá rogha agam
If he gets wind of it: Má fhaigheann sé gaoth an fhocail nó cogar an scéil
If my memory serves me right: Más buan mo chuimhne
If that was how I was inclined: Dá mba é mo mheon é
If you were in my position: Abair go mbeifeá im' áitse
If: má's rud é. Basic phrase. Past dá mba rud é etc.
Ignore: Scaoil tharat:
lig thar do chluais: déan neamhiontas de: ná féach
siar air
In a quandary: I gcathair ghríobháin (In a maze)
In any kind of decent condition: Ar aon slacht
In any one of the three courses: In aon cheann desna trí chinn de chúrsaí
MOS
In between the two of them: Idir eatarthu
In case of doubt: I gcás amhrais
In contradistinction to: Mar chontrárthacht ar
In doubt as to which: Bhí dabht an dá bhóthar air
In exile: Ar díbirt
In fact: Is amhlaidh, sé an cás go
In high spirits: Ag caitheamh mo thóna, do thóna etc, croí ard, in
ard-ghiréis
In his cups: Ar deoch
In his muscles: Ina chuislí agus ina chorp. Cuisle
In his senses: Ina chéill, ina cheartmheabhair
In my estimation: De mo bhreith
In my experience: 'Sé m'eolas, d'réir m'eolais ar an scéal etc
In my own interest: Ar mhaithe liom féin
In no way: Ar chor ar bith, in aon chor
In order of priority: In ord tosaíochta
In pitch darkness: I bpic dhoircheachta
In principle: D'réir na rialacha
In sight: Ar amharc, le feiscint
In spite of everything that happened: Ainneoin gach ar tharla
In spite of his fame, no matter how famous he is..: Dá mhéid a cháil, dá
mhéid le rá é
In spite of: In ainneoin, dá éagmais sin
In the blink of an eye: I bpreabadh, bhfaiteadh, bprapadh na súl. Prap =
sudden, abrupt
In the face of danger: I láthair na contúirte
In the heel of the hunt: As deireadh na cúise, i ndeireadh na dála
In the limelight: Ós comhair an phobail
In the peak of his powers: I mbláth a chumais
In the situation that..: Sa chás... dá mba rud é..
In the superlative: Sa sárchéim
In this phase: Sa chéim seo
In uniform: Faoi éide
In view of: I bhfianaise ..
Inclined to: Claonadh a bheith ort: fonn a bheith ort
Indicative: A léiríonn
Inherit: Faigh le hoidhreach, faigh mar oidhreacht, nó tar in oidhreacht
Inside out (Kerry): Isteach is amach, drom ar ais
Insist on something: Seasamh ar rud: rud a dhearbhú
Insist: Seasamh ar rud: to insist that = dearbhú go: maíomh go
Instil into: Cuir ina luí ar: instil = cuir i
Interpret: rud a Mheas, Bain Ciall as, léamh a dhéanamh ar..
Irrelevant: Ní bhaineann sé le hábhar
Is it representative: an Sampla maith é?
Isn't it a thundering nuisance: Nach céasta an ball séire é
Isn't that enough, isn't it quite enough: Cá beag
It costs a shilling: Tá scilling air
It doesn't last long: Ní leanann, mhaireann sé i bhfad
It goes against the grain: Bheadh col orm é a dhéanamh
It is a condition ..: Mar choinníol ar ..
It is a joint venture: Táid comhpháirteach sa rud seo
It is as far for me as it is for you: Comhfhad duitse agus domsa é
It is called Foinse: Tá Foinse air
It is out of my reach: Níl breith agam air
It is the informed thing to do: Sé an t-eolas é
It looks as if the weather..: Tá an dealramh ar an aimsir
It measured twenty feet: Bhí fiche troigh ann
It paid off: B'fhiú é
It put him to the pin of his collar: Chuir sé trína úmacha é. úim = harness.
Úim v. = to harness. Tá an úim is an tslinn aige = he is all ready for
action. Slinn here is a reed for weaving linen.
It sent shivers down my back: Chuir sé drithlíní fuachta liom
It smells of smoke: Tá boladh toite air. To smell bolaigh
It sounded a long way off: Taibhsigh sé i bhfad ó bhaile, déarfá ar a ghlór
go raibh sé i bhfad uait.
It sounds hollow: Tá glór toll aige
It sounds like French: Tá blas na fraincise air: Note fraincís is what
Munster people say but fraincis is correct
It sounds like a drum: Tá glór druma aige
It sounds like the truth: Tá craiceann na fírinne air
It sounds well in a speech: Cuireann sin maise ar óráid
It takes a lot to remedy it: Iarrtar mórán chun a leighis
It transpired: Tharla go
It used to be said: Bhí sé ráite
It was broken down by: Bhí sé briste suas de réir
It was disappointing: Ní raibh sé ach cuíosach, leathchuíosach, go lag etc.
It was handed over: Tugadh ar lámha
It was said of him: Bhí sé amuigh air..
It was similar to: Bhí sé ar aon dul leis. was a parallel etc
It was their biggest enemy: Ní raibh aon namhaid acu ach é (Nell Phurge)
It was touch and go: Chuaigh sé go dtí an dóbair
It will be an issue: Beidh sé ina chnámh spairne, díol spéise
It will have to be dissolved: Caithfear é a thuaslagadh ar dtúis
It will serve his purpose: Déanfaidh sé cúis
It works out as 100 pounds: Céad punt an t-iomlán
It would make your hair stand on end: Thógfadh sé an ghruaig ded' cheann
It would not worry them at all: Ní dhéanfadh sé aon bhuairt dóibh
It would strengthen your opinion. It would increase your conviction:
Threiseodh sé do thuairim
It wouldn't take much to make me..: Is beag a bhéarfadh orm, is beag a
thabharfhadh orm bualadh amach an doras..
It's a big nuisance: Is cur isteach mór é
It's a fine day, if one could find some means of enjoying it: Tá lá breá
ann, dá mbeadh a dhath ag duine a shnáithfeadh sé leis
It's a good prospect: Is maith an tuar é seo
It's a great loss: Is mór an scrios, an chreach é
It's a great satisfaction: Is mór an sásamh
It's a hopeless situation: Tá sé ó mhaith mar scéal, tá sé doleigheaste, is
ainnis é mar scéal
It's a likely story: Tá craiceann ar sin mar scéal, sin scéal go bhfuil tóin
air, baineann sé le dealramh,
It's a mystery to me: Ní thuigim dubh bán ná riabhach é
It's against etiquette: Tá sé in aghaidh béas
It's all adding up to a nice sum: Tá sé ag teacht chun suime
It's an awful sight: Tá sé ina feic shaolta
It's easier to do it because of it: Is fusaide é a dhéanamh
It's good in its way: Tá a mhaith féin ann. My father always begrudgingly
said of everyone, he's good in his own way!
It's growing, they're growing: Tá fás fé, fás fúthu
It's growing: Tá fás faoi
It's just as well: Is maith go, etc
It's just the amount I need: Tá mo thomhas i gceart ann
It's just wishful thinking: Níl ann ach rud atá in aice le do thoil
It's likely: Is cosúil..
It's little wonder: Is beag an t-iontas
It's no advantage to him: Ní mór dó
It's no great loss: Is beag an scéal é. Ní fiú biorán é
It's not good to stand alone: Is maol gualainn gan bhráthair
It's not likely: Ní baol go..
It's not much good: Níl puinn maitheasa ann (TOL).
It's quite likely: Tá seans maith ann go
It's the same for me, I'm in the same boat: Is amhlaidh dom
It's up to yourself: Is fút féin atá sé
Join a queue: dul i scuaine
Keep from deteriorating: Coimeád gan dul ar neamhní
Knock him off his feet (maybe killed): A chur dá chois é.
Lack of sympathy: Neamhthrua
Ladies first: Tosach dosna mná
Landmarks: Comharthaí bóthair, cuain, talún etc.
Lap: Cuairt (of track).of body ucht m3. an t-ucht. To lap up = leadhb siar.
Waves bheith ag lapadaíl or ag slaparnach.
Last to: Leanann, seasann, maireann. It's too good to last = ní bhíonn tréan
buan. Supplies will not last = ní mhairfidh an stór...To make something last
= fad a bhaint as rud. Ní chuirfidh an Rialtas isteach an bhliain. Ní
mhairfidh an Rialtas Tá breis caithimh sa ghallúnach. Éadach le
teilgean
ann, caitheamh ann. Bhaineas
dhá bhliain as an gcóta so. Is gearr le dul ort
an méid sin = that won't last you long. Is iomaí bliain fós ann. Ní
threabhaidh sé an oíche. Ní sháróidh sé an oíche. Má mhairim. To outlast
someone = duine a chur, bheith beo ina dhiaidh. Tabharfaidh mó chóta an
geimhreadh nó bainfidh mé an geimhreadh as mo chóta.
Lasting: Buan, márthanach, taoisleannach, a bhfuil caitheamh maith ann. of
friendship = buanseasmhach. Lasting peace = síocháin shuthain. Suthain
=
perpetual, eternal. An
bheatha shutain = eternal life
Lather of sweat: Súp allais
Leaning: Claonta, cromtha, ar fiar, ar scéimh, ar leathcheann. Leaning s.
claonadh, scéimh, leathcheann.
Learn to control yourself: Foghlaim le guaim, le smacht a choimeád ort féin
Leas an phobail: Public well-being
Leer: Súil theaspaigh a chaitheamh le duine
Let sleeping dogs lie: Fág marbh é (TOM)
Let's assume: Abraimís
Letter of advice: Litir faisnéise
Life disgusts me: Tá gráin agam air
Life is strange: Is ait an mac an saol
Like understands like: Tuigeann Tadhg Taidhgín
Like us, similar to us: Ar ár nós féin
Lined by: Ballaí agus líneáil de ..
Lined: Tá roic tagtha ina aghaidh. Crainn curtha feadh cosáin. (ar
gach
taobh). Bhí saighdiúirí ina líne ar gach taobh. Tá clúdach scannáin
(membrane) ar an taobh istigh den ghoile. Lining = líneáil f3 : píle = line
Listeners: A lucht éisteachta
Little did I dream that..: Is beag dá chuimhne a bhí agam go
Local conditions: Dálaí áitiúla
Look for directions: Ag cur tuairisc na slí
Looking at the priest: Agus an dá shúil ar an sagart aige
Loss of right: Dul cirte ar ceal
MIGHT IT not be well to warn him?: Nár chóir ..
Make a mess off: Sciot scot, sciot sceat a dhéanamh de rud
Make-do expedient: Leathscéail de sheift
Makeshift --: Leithscéil --
Making his way in life etc.: Ag déanamh dó fhéin
Match: Lasán. Macasamháil f3 leathbhreac, leithéid f2. Cluiche, cleamhnas.
Verb. Meaitseáil. Cuir in oiriúint, bheith inchurtha le. Suit
= tar or cuir
le chéile, oir dá chéile.
Maybe you'ld start it,
attempt it, set about it: Scaoilfeá fé
Measure (action): Beart
Methodically, systematically: Rianúil, de réir eagair, de réir oird, go
slachtmhar
Might it not be well..: Nár chóir
Mistaken identity: Aithne chontráilte
Modernise Modernize: Nuachóirigh, tabhair suas chun dáta, cuir in oiriúint
don lá inniu
Money was scarce: Bhí na pinginí an-ghann
Money was worth something: B'fhiú scilling scilling
Moral of the story: Teagasc an scéil, múineadh an scéil
Move in Move out: Bog
Much ado about nothing: Mórán cainte ar bheagán cúise
My blood is tingling: Tá drithlíní i mo chuid fola
My head was bowed: Bhí mo cheann cromtha, mo cheann crom
My legs are wobbly: Tá na cosa ag lúbadh fúm
Namely: Mar atá ..
Ní raibh róshlacht air: It wasn't so great etc.
No thanks to him: Ná raibh maith aige
No-one at all: Duine ná daonnaí
Nod your head: Sméid sé a cheann
None of these are mine (TOL): Ní dem chuidse aon cheann díobh so
Not a lot of people know that!: Is beag má's eol d'éinne san (Mícheál Ó
Catháin !!!! )
Not by a long chalk: Is fada buí uaidh é, ní dealraitheach, ní dócha
Not least: Go príomha ?
Not to mind not being able to read: Gan an léamh a bheith aige a bhac
Nothing would put them on the right road: Ní chuirfeadh aon ní ar a leas iad
Nurture: Cothú. Beathú. Tógtha ar an mbrollach = breastfed
Nurturing: Peataíocht will spoil. Peataireacht = loving care
Of equal status: Comh-uasal
On a small scale: ar mhionchóir
On a tight schedule: Ag faire na huaire ?
On lease: Ar léas
On one condition: Ar aon choinníoll amháin
On reflection: Ar athmhachnamh
On the face of things: De réir cosúlachta
On the make: Ar an mbreis
On the other hand: Ar an láimh eile
On the point of, threatening to: Ag faire ar
On the road, wandering: Ag bóithróireacht
On the run: Ar a choimeád Ar a sheachaint
On tow: Ar cheann téide
One by one: Ceann i ndiaidh a chéile, ina nduine is ina nduine
One of the three courses: Ceann desna trí chinn de chúrsaí
One who talks sense: Béal na céille
Open it yourself: Oscail féin é. Dein féin é etc.
Or whatever: Nó eile
Otherwise: Nó : ar chuma eile, ar dhóigh eile
Out and out..: Go smior. Coirpeach go smior = out and out criminal
Out of the frying pan into the fire: Ó thigh an deamhain go tigh an
diabhail. An can be left out of both
Outbreak: Briseadh amach
Over and above: Fara mar atá
Overlapping categories: Téann siad thar a chéile.
Pant: Cnead f3. D'anáil a bheith i mbarr do ghoib agat, ga seá a bheith
ionat, saothar a bheith ort
Pay him back in kind: Tabhair tomhas a láime do
Peacy and tranquility: Suaimhneas agus sochracht
People from here: Duine de bhunús na háite, daoine ón áit so ó dhúchas
Perform: Duties = comhlíonadh Drama = cuir i láthair
Pet hate: Púca na n-adharc
Pinch: Liomóg (f2) a bhaint as duine
Play by ear: Seinnt de réir na cluaise, de réir mar a tharlóidh (improvise).
Postpone: Cur ar athlá
Presentation: Cur i láthair
Prevent it from dying: Coimeád ó bhás
Pushing on a bit: Ag dul i mbeagáinín aoise, ag druidim i mblianta
Put an edge on the axe: Cuir béal sa tua dom
Put milk in the tea: Bainne a chur ar an té
Putting on airs and graces: Baothghalántacht, ag cur gothaí ar..
Quieten down: Suaimhnigh Suaimhniú
Raise an issue: Ceist a tharraingt anuas
Raven-haired: Gruaigh ar dhath an fhéich
Refereeing I wouldn't agree with: Moltóireacht ná bheinn féin ag tarraingt
leis
Relax: Bog (muscle). Person = glac do shuaimhneas, lig do scíth, tabhair
faoiseamh duit féin, Verb = bog, scaoil, (mind or person) socraigh (síos).
The music relaxes me = cuireann an ceol mé ar mo shuaimhneas, nó cuireann an
ceol ar mo shuaimhneas mé (2nd is better)
Relish the food you have, be thankful you have enough to eat: Snáith an
práta beag leis an bpráta mór.
Remind me..: Meabhraigh dom..
Remind someone: Duine a mheabhrú. Meabhrú. Cuir i gcuímhne do dhuine:
Reminder: Litir meabhrúcháin. Souvenir = cuimhneachán
Reminisce: Athchuimhnigh, athchuimhne f
Reminiscent: Cuirfeadh sé i gcuimhne..
Repeatedly: Arís is arís eile
Replace: Malartú, ionadaíocht
Reproach with: Casadh le
Resent: Cuireann olc orm, is beag orm, is fuath liom
Review to: Athbhreithnigh
Reward: Luach a shaothair. Duais
Ring the bell: An clog a bhaint
Risk defeat: Dul i mbaol do bhuailte
The blouse
was too big for her: Ba mhór an blús aici
The cold touch of marble: Fuacht an mharmair ó mhothú
The crunch: Croílár na ceiste
The day and night are of equal length: Comhfhad lá agus oíche
The day the rising took place: an mhaidin a GHLUAIS an t-éirí amach
The enclosed letter: An litir faoi iamh: Faoi iamh also means secure
The events of the day: Imeachtaí an lae
The fact of the matter is: Is é an cás é
The fair sex: An cineál banda
The finishing touch: Bailchríoch
The full facts: Fios fátha an scéil
The goal is within our reach: Táimid i mbéal an bháire
The good and the great: Na maithe agus na mór-uaisle
The house is flooded: Tá tuile tríd, tá sé faoi uisce
The man in the street: Tadhg an mhargaidh
The man of whom I was suspicious: An té go raibh amhras caite agam air
The matter boils down to this: Seo bun agus barr an scéil
The milk curdled: Do bhris an bainne, do théacht an bainne
The most likely candidates: Na hiarrthóirí is fearr seans
The mountain was covered in fog: Bhí an sliabh múchta i gceo
The name sounds French: Tá blas francach ar an ainm
The odd one out: An ceann corr: odd man out = an t-éan corr
The personal touch: An caidreamh pearsanta
The plane took off: Léim an t-eitleán, chuaigh san aer
The river's in flood: Tá tuile san abhainn: sceith an abhainn
The root of the problem: Bunúdar na faidhbe
The said ..: Réamhráite. The said castle = an caisleán réamhráite
The same amount again: Cothrom is an méid sin aríst
The sea is ruffled, white with foam.: Tá cár ar an bhfarraige. (set of teeth
etc.). Tomás Ó Criomhthain said shéid sé geal gléigeal
The sound died down: Chuaigh an gleo in éag
The standard they would have to achieve: An caighdeán a mbheadh orthu é a
shroichint
The stone which the builders rejected, the same is become the head of the
corner: An chloch d'ár dhiúltaigh na saoir, isí atá 'na chloich cinn chúinne
The thirty mile an hour speed limit: An luas tríocha míle (MOS)
The time is up: Tá an t-am istigh
The time with the shortest shadow: An t-am is giorra scáth. Useful
construction
The walls have ears: Tá poll ar an dteach, bíonn cluasa ar na clathacha
The warrant holds: Ritheann an barántas
The world at large: An domhan mór
The worm will turn: Troidfidh cailleach i gcruacás
There are many like him, it there: Tá mórán ar a chuma ann
There are no pockets on a shroud: Ní bhíonn aon phóca ar aibíd
There are two sides to the story: Tá dhá insint ar an gceist
There are two versions of that story: Tá dhá insint ar an scéal sin
There had to be: Níorbh fhéidir gan a bheith
There is no expectation: Níltear ag braith ar: ag súil le: Níl ionchas ann
etc
There is a great increase in: Méadaíonn go mór ar
There is a knack in it: Tá eolas air
There is no chance whatever: Níl aon dul beo
There is nothing to choose between them: Deartháir do Thadhg Dónall
There was a slight delay: Bhí righneas éigin ar..
There was no alternative: Ní raibh an tarna dul suas
There was no difference between them in height etc: Níl ionga ná órlach
eararthu (Phrase)
There was nothing more likely than: Níor dhóichí rud de ná
There was nothing to look forward to: Ní raibh aon fhéachaint suas ??
There's a bad strain in him: Tá drochbhraon ann
There's a bit of daylight between the sides: Tá ábhairín de sholas an lae
idir na fóirne (MOS)
There's no comparison whatsoever: Níl aon chomparáid fén spéir
There's no point in denying it: Níl gar á shéanadh
There's no smoke without a fire: Ní bhíonn toit gan tine
There's not much left in me now: Níl mórán sú fágtha ionam anois
There's something in the wind: Tá rud éigin ar chois
They accepted one another's wishes: Chuireadar a dtoil le toil a chéile
They are beyond my reach, moneywise: Táid thar m'acmhainn
They are claiming: Táid ag maíomh
They are expecting a boat in Dingle: Tá súil sa Daingean le
They are getting fed up of farmers: Táid ag fáil bailithe, ag éirí bailithe
d'fheirmeoirí
They are head over heels in love: Táid splanctha i ndiaidh a chéile
They are of equal length: Tá siad comhfhad ar a chéile.
They are riding roughshod over me: Tá siad ag éirí thuas orm, ag éirí in
airde orm
They became aware of the habit: Chuadar amach ar an nós. Become cogniscant.
Chuaigh mé amach ar an tslí = I got to know the way. Is deacair dul amach ar
an intinn atá aige = It's hard to grasp his mentality. Ní raghaidh tú amach
ar a rún = nobody could fathom him. Be reported. Má théann an scéal sin
amach ort
They didn't have the bucks: Ní raibh an gustal airgid acu
They didn't relate with the local people: Ní raibh aon luí acu le muintir na
háite
They had an equal chance: Bhí comhsheans acu
They have every nuance perfect: Tá gach cor go beacht acu
They heard: Chuaigh sé go dtí a gcluasa
They held land in common: bhí talamh i bpáirt, i bpáirtíocht acu
They look alike: Tá dealramh a chéile orthu, táid dealraitheach lena chéile
They lost a two goal lead: Cailleadar farasbarr de dhá chúl. Chailleadar
breis de dhá chúl? Chailleadar tosach de dhá chúl.
They lost their lead of
two points.: Ligeadar uatha an farasbarr de dhá
phaointe, breis de dhá phaointe ?
They overpowered him: Ba threise leo air, chloígh siad é
They speak of him as a great fellow: Tá sé ina lán béil acu, tá sé ina laoch
acu
They turned into fine men: Dhein fir mhóra maithe díobh ( Impersonal. The
water turned into wine = dhein or rinne fíon den uisce)
They understood perfectly: Thuigeadar go dianmhaith
They visited: Thugadar turas na Sceilge
They wanted a fight: Bhí fonn fola orthu
They went one by one: D'imíodar ina nduine agus ina nduine
They were amazed by it: Dheineadar an-iontas de
They were back to back: Bhí a ndromanna le chéile
They were on good terms: Bhíodar buíoch dá chéile
They were out of money: Bhí na pócaí folamh acu
They were released from custody: Scaoileadh chun siúil iad
They were scarcely gone: Ní baileach a bhíodar imithe
They wondered, were amazed at where I got the knowledge: Bhí ionadh orthu cá
bhfuair mé an t-eolas
They would treat you like a fool: Dhéanfaidís amadán díot: bheifeá id'
amadán acu. Chaithfidís leat fé mar b'amadán tú: bhí meas an amadáin acu orm
They're at one another's throats: Táid in adharca a chéile
They're gone crazy: imithe fian
They're melting away: Táid ag leá anois
They're streaming out: Ag fágáil ina sruthanna
This will serve as a vehicle for: Bainfear úsáid as so, seo, chun
Thy neighbours goods: Cuid do chomharsan
Time waits for no-one: Ní fhannann am AR dhuine
To Deny: Séanaim Bréagnaím
To acquire a knowledge of something: Eolas a chur, a fháil ar rud
To act as locum tenens: Ionadaíocht a dhéanamh do
To air your opinions: Do thuairimí a nochtadh
To announce one's decision: Do bhreith a fhógairt
To anticipate a result: Toradh a dhéanamh amach roimh ré
To approach a question: Dul i gceann scéil
To approach perfection: Bheith beagnach foirfe
To approach someone: Ceiliúr a chur ar dhuine
To ascend a hill: Cnoc a thógáil
To ascend an incline: Mala a thógáil
To ask for forgiveness FOR: maithiúnas a iarraidh I
To ask to do something: Cead a iarraidh le rud a dhéanamh
To avert anger: Fearg a iompú
To bait someone: Bheith ag spocadh AS duine
To bamboozle, persuade someone that black is white: An dubh a chur ina gheal
ar dhuine
To be a good match: Bheith ag oiriúint, OR ag fóirstean go maith dá chéile.
Bheith ag teacht le chéile.
To be a lone wolf: Bheith i do chadhan aonair (lone barnacle goose), id'
aonarán
To be down on: Bheith anuas ar..
To be dripping wet: Bheith i do líbín báite. Líob = dripping wet object. Bhí
a gruaig ina líbíní léi = her hair was hanging wet and limp
To be glad to welcome somebody: Lúcháir a bheith ort roimh dhuine
To be in a dream: Bheith i dtámhnéal
To be in a position to do something: Bheith i riocht rud a dhéanamh
To be in bad taste: Bheith míchuí
To be in limbo: Bheith lighthe i ndearmad
To be in the wrong about someone: Bheith san éagóir do dhuine
To be in touch with the situation: Fios na gcúrsaí a bheith agat
To be named after: Ainmnithe i gcuimhne
To be obsessed by something: Bheith i ngreim ag rud, ciaptha ag, he became
obsessed by it = chuaigh sé ina cheann dó
To be on the look out for: Súil a choimeád in airde le
To be standing straight up: Bheith id' cheartseasamh
To be subject to disease: Bheith tugtha do ghalar
To be witnesses in wedding: Seas le
To become a teacher.: Dul le múinteoireacht.
To bite your nails: d'ingne a ithe
To boss someone around: Barrastóireacht nó saoistíocht a dhéanamh ar dhuine
To boss someone: Duine a mháistreacht
To bring someone down a peg or two: Béim a bhaint as duine
To bungle: Déan praiseach de
To bury the hatchet: An chloch a chaitheamh as an muinchille f4
To call someone a liar: Bréagadóir a thabhairt ar dhuine
To call someone after someone: Duine a mhuinniú as duine, a ainmniú as
duine. Muinnigh = call, summon, urge, incite. Ag muinniú na madraí =
summoning the dogs. Ag muinniú agus ag saighdeadh an ghasúir = inciting and
urging the boy (to mischief).
To call someone names: Leasaimnneacha a ghlaoch ar dhuine, duine a bhaint as
a ainm
To cast a vote: Vóta a chaitheamh, guth a chaitheamh
To cease to expect: Dúil a bhaint de rud
To change the subject: Ábhar eile a tharraingt anuas
To change your mind: Athchomhairle a dhéanamh ar rud, teacht ar mhalairt de
chomhairle
To charm someone: An chluain a chur ar, é a mhealladh
To cheat the hangman: Thug sé na haenna leis ón gcroch (the livers!)
To check off a list of names: Pointeáil
To check that everything is fine: Dein deimhin de etc.
To check up information: Cinntiú
To chip in: Do ladar a chur isteach, do chion a íoch ( to pay your share)
To come to terms with: Teacht chun réitigh le
To command someone to: Chuir sé aithint (aithne) ar dhuine, or DE dhuine rud
a dhéanamh, ordú a thabhairt do dhuine rud a dhéanamh
To compare him to: É a chur i gcomórtas le
To comply with: Déanamh de réir
To condemn someone wrongly : duine a dhaoradh san éagóir
To congratulate someone: Rud a thréaslú le duine NÓ do dhuine. Thréaslaigh
mé a bhua le Seán: Comhgairdeas a dhéanamh le duine NÓ a ghabháil le duíne
fé
To consult someone: Dul i gcomhairle le duine. Bhí siad i gcomhairle le
chéile = they took counsel with one another. They put their heads together.
To control men: Fir a stiúradh
To cover an issue: Tuairisciú OR plé
To cover: Clúdaím
To crowd in : Plódú isteach
To crown it all: De bharr ar an iomlán
To crush somebody's hopes: é a chur dá dhóchas
To crush someone's hopes: Duine a chur dá dhóchas
To cry wolf: Scéal chailleach an uafáis a bheith agat
To curse someone: Do mhallacht a chur ar. To curse while leaving = do
mhallacht a fhágaint le
To cut my throat: Scian a chur i mo scornach
To deafen someone: Na cluasa do bhodhradh de dhuine
To deal with unfairly: Míchothrom a dhéanamh ar dhuine
To declare a holiday: Lá saoire a fhógairt
To defend the language: Fód na teangan a sheasamh
To deny somebody something: Duine a obadh NÓ a dhiúltiú FAOI rud: rud a
cheilt ar dhuine: an doras a dhúnadh ar dhuine.
To dig a grave: Uaigh a dhéanamh, uaigh a bhaint
To dip into a book: Corrghiota a léamh
To disappear:
Imigh ar iarraidh, imigh as amharc, as radharc, seangaigh as,
ceiliúr, téigh ar ceal fánaigh
To do good to: Maith a dhéanamh AR
To do something in partnership: Rud a dhéanamh i bpáirt
To do what someone asked you to do: Rud a dhéanamh AR..
To dog ear a page: Leathanach a chúbadh
To doubt: Bheith in amhras go, bheith in amhras ar
To drain a country of money: Tír a scriosadh
To draw attention on yourself: Ag tarrac airde Nó suntais ort fhéin
To drive someone out of house and home: Duine a chur ar dhroim an bhóthair,
ar dhroim an bhealaigh mhóir.
To eat the face off someone: Lán do bhéil a bhaint as duine, agaidh bhéil a
thabhairt dó
To egg someone on: Séideadh faoi (more mischievous), duine a spreagadh
To enable someone to eke out a living: an snáithe (m) a choimeád faoin
bhfiacail ag duine
To enquire: Bheith ag faisnéis
To establish a precedent: Nós a bhunú, sampla a bhunú
To evade detection: Dul gan braith ?, gan aird a tharraingt ort féin ?.
To excuse someone from something: Duine a scaoileadh ó rud, duine a ligint
saor ar a dhéanamh (TOL)
To expect: Braith ar rud, súil a bheith agat le rud, dúil a bheith agat,
coinne agat le rud, rud a shíleadh agat
To exploit: Bain sochar as, tar i dtír air
To express: A chur in iúl (pronounced úil in Munster at least) , a nochtadh
To extend (a building): Breis a chur le..
To extend, enlarge: Méid a chur leis
To face it out: An fód a sheasamh le ceanndánachta
To face the music: Aghaidh a thabhairt ar an anachain le misneach
To face up to: Aghaidh a thabhairt ar, glac le
To feed and clothe: A chothú agus a chlúdach
To find someone out: Dul amach ar dhuine, nó breith amuigh ar dhuine
To flirt with a plan: Bheith ag manaois le seift, manaois = dallying, toying
with, flirting with, fondling a child, shilly-shallying
To fly in the face of God: Dúshlán Dé a thabhairt
To fold one's arms: Ná géaga a fhilleadh ar a chéile
To fold one's hands: Na lámha a shnaidhmeadh le chéile
To forgive someone: Duine a mhaitheadh ar rud
To fulfil the conditions: Na coinníollacha a shásamh
To fund: Buanaim ar ús cinnte. A mhaoiniú
To gag someone: Glas béil a chur air
To gather your thoughts: D'aigne, do smaointe a chruinniú
To get a sniff of fresh air: Bolgam d'aer na spéire a fháil
To get a sum of money together: Déan suas
To get a taste of something: Réamhbhlas m1
To get an in: Cos isteach a fháil
To get engaged: Fáil geallta. Lámh is focal a thabhairt le chéile
To get even: Cúiteamh a bhaint as duine
To get hair to regrow: Athfhás a chur ar
To get his just desserts: An rud atá tuillte agat NÓ an rud is airí dhuit a
fháil
To get into the saddle, mount up: Dul AR marcaíocht
To get out of a rut: Droim a thabhairt don ghnáth
To get to close grips with someone: Breith isteach air
To get to the bottom of the story, get the full facts: Fios fátha an scéil a
aimsiú
To ginger
someone up: Piobar a chur le duine
To give preference to something: Tús áite a thabhairt do rud
To give someone the benefit of the doubt: Sochar an amhrais a thabhairt do
dhuine
To go begging: Dul le déirc
To go beyond one's level of experience: Dul thar d'eolas
To go beyond your level of expertise: Dul thar d'eolas
To go from bad to worse: Dul ó ghiolla na sliogán go giolla na mbairneach
To go haywire (people): dul ar steallaí mire
To go head over heels: Tóin thar ceanna
To go through a bad patch: Drocham a chaitheam, am cruaidh a chaitheamh
To go to the head man, the top: Gan na cosa a bhac ach dul go dtí an ceann
To go to trouble..: Dua a chur ort féin
To grieve somebody. Buairim. Cuirim brón ar. The story grieved me = ghoill
an scéal orm. Tá buairt, brón, lionndubh orm. Déanaim lionndubh, dobrón,
buairt, i dtaobh, fé, rud.:
To gut something: An t-ionathar a bhaint as rud
To have an interest in something financially: Airgead a bheith agat ann
To have the temerity: é a bheith den diabhal ort
To have the wolf by the ears: Bheith i sáinn
To hold one's attention: Aird a choimeád
To hum: Bheith ag crónán, ag drantán (a tune)
To inquire about something: Fiafraí faoi rud
To intend to: Tá sé ar aigne agam, i gceist agam
To intensify: Géaraigh ar
To intimidate someone into doing something: Teannadh air é a dhéanamh
To judge something by its looks: Rud a mheas ar a chosúlacht
To jump bail: Bannaí a bhriseadh
To keep in reserve: A choimeád mar chúltaca
To keep someone from doing something: Duine a bhacadh ar rud a dhéanamh
To keep something stirring: Piobar a chur fé
To keep them supplied with milk: Bainne a choimeád leo.
To keep up: Coiméad suas, cos ar chos etc
To know by reputation: Aithne cháile
To know something by touch: Rud a aithint ó mhothú. Touch (feel) = mothú
To lead up to a subject: Tarraingt ar scéal
To lean back: Ligim mé féin siar, shín sé siar ina chathaoir.
To lean forward: Lig sé é féin chun tosaigh, claonaim, cromaim chun tosaigh.
To lean on a spade: Taca a bhaint as an ramhainn, luí ar. leathluí ar..
To lean on one's elbow: Síneadh ar leathuilinn, leathuilinn a bhualadh fút
To lean out: Luím amach (thar an bhfuinneoig), cromaim amach.
To lean up against the wall: Drom a chur le falla, seasamh le falla, i
gcoinne an fhalla. To lean, ligim mé féin anuas ar, bainim taca as, luím ar,
ligim mo thaca le
To let him to his own devices: Cead a chinn a thabhairt do dhuine
To let someone be the judge of something: To let someone be the judge of
something
To liken
something to something: Rud a shamhlú le rud
To limp: Bheith ag bacadradh, coiscéim bhacaí a bheith ort
To lose control of oneself: Dul as do chrann cumhachta
To lower your eyes: Ísligh na súile ?
To make a beeline for: Tarraingt caol díreach ar
To make a show of yourself: Ceann a dhéanamh díot féin
To make an excuse for someone: Dul ar leithscéal duine
To make approaches to someone: Cur chun tosaigh ar dhuine
To make friends with..: Muintearas a dhéanamh le
To make him release his grip: a ghreim a bhogadh
To make someone speak: Caint a bhaint as duine, é a chur ag caint, caint a
thabhairt air
To make too much of something: An iomarca suime a chur i rud
To manoeuvre someone into a corner: Duine a locadh i gcoirnéal: verb loc
To memorise: A chur de ghlanmheabhair
To merge: Déanann comhchuid de
To modify: Maollaigh OR modhnaigh
To monitor: Súil a choimeád ar.. Monatóireacht a dhéanamh f3
To mope around: Bheith i ndroim dubhach
To mount: Dul suas ar, gabh suas ar, dul sa diallait etc
To nag someone: Bheith sáite as duine
To nickname: Baisteadh
To oblige a friend: Gar a dhéanamh do chara
To order about: Dein giolla de, ag órdú orm
To pass over something in silence: Gan guth ar bith a thabhairt ar rud
To patronize someone: Uasal le híseal a dhéanamh le duine
To pay your respects: Do dhea-mhéin a chur in iúl
To pick something up: NOT pioc suas, but tóg, or tóg id láimh etc.
To pig out: Cráin chraosach a dhéanamh díot fhéin
To place something in position: Rud a chur in ionad
To play down the importance of something: Beag is fiú a dhéanamh de
To play on someone's kindness.: Suí i mbun duine lách. Buannaíocht a
dhéanamh ar fhéile duine
To promote this: É a chur chun cinn
To propose a toast: Sláinte a fhógairt
To put a child up for adoption: Leanbh a chur ar altramas
To put a hole in leather: An leathar a pholladh
To put away your pen: Do pheann a leagadh uait
To put off the scent: Cur ar seachrán
To put on the long finger: É a chur ar an méir fhada
To put something in order: Deis a chur ar rud
To put something in safe keeping: Rud a chur chun coimeád (m3), chun
coimeádta, i gcoimeád. Coimeád can be covering of book, sword etc. Matrix.
To quench a thirst: Tart a mhúchadh
To quicken the time: Géarú ar an mbuille, ar an luas
To reassure: Cur ar suaimhneas, athdhearbhú, etc
To reduce weight: An fheoil a bhaint anuas
To relieve one's feelings: Do racht a ligean amach
To rhapsodise over something: Sceitimíní a bheith ort ag caint ar rud
To risk your life: Do bheo a chur i gcontúirt
To risk your own skin: Do cheann féin a chur i mbaol
To rock the boat: An bád a luascadh
To roll, passive or active: Rolláil (role-áil) (Mairead Bean Uí Lionáird)
To ruin a reputation: A dhea-chlú a mhilleadh
To run a house or hotel: Coinnigh
To run a machine: Oibrigh
To satisfy the conditions: Coinníollachca a shásamh, a fhorlíonadh
To say something with venom: Rud a rá le gangaid
To scatter the cows: Na ba a thiomáint in ainm an diabhail
To seal one's lips, shut up: Glas a chur ar do bhéil
To second a motion: Tacaigh le
To seduce someone from his duty: Duine a chlaonadh
To see in my mind's eye: A shamhlú le súile m'aigne
To seek someone's permission for something: Rud a chur i gcead duine
To set a snare: An dol do chur
To set a snare: Dol a chur i bhfearas, gaiste a chur ar inneall
To set a trap: Gaiste a chur
To set about: Dul i mbun..
To set out an objective: Cuspóir a leagan síos
To set the dogs on someone: Na madraí a dhreasú ionat, leat, dreasaigh, nó
greasaigh, greasú. Cuirfead na gadhair ionat, nó leat
To share WITH people: Rud a roinnt AR dhaoine
To show his mettle: A mhianach a thaispeáint
To shut out the sound: Chun an gleo a mhúchadh
To signal: Comhartha a dhéanamh
To skip: Caithím foléim. Déanaim leipreach. Bheith ag primceam.
Ag damhsa.
To sneer at someone:
Fonóid a dhéanamh faoi dhuine
To snub: Gonc (m1) a thabhairt do, aithis (f2) a bhaint as, beag is fiú a
dhéanamh de
To split hairs: Ag minínteacht, ag cailicéaracht
To spoil someone's appetite: A ghoile a bhaint de rud
To spring a leak: Tosnú ag déanamh uisce
To spring a trap: Gaiste, trapa a scaoileadh
To stand up for your rights: Do cheart a sheasamh, do chirt a sheasamh
To step forward: Céim chun tosaigh a thabhairt
To stop doing a pariticular kind of activity: Do chúl a thabhairt le
To strain oneself: Dul thar d'fhulaingt
To sue him: Cás cúirte a thabhairt ina aghaidh
To suit: Luíonn sé le, cuireann sé le, oireann sé do
To suppress a yawn: Brúigh fút, or coinnigh cúl ar..
To swerve: Claonaim, fiaraim, tugaim cor gearr. A swerve, claonadh, fiaradh,
scinneadh ar fiar
To sympathise..: A bhróna a chású le duine
To take advantage of: Brabach a fháil ar dhuine, brabach a bhreith ar
dhuine, suí ina bhun, dánacht a dhéanamh air
To take an oath: Mionn a thabhairt ("Miún" in Munster)
To take on something: Rud a thógaint idir lámha. To undertake.
To take up a position on a question: Intinn áirithe a dhéanamh faoi cheist
To tap a telephone: Cúléisteacht a dhéanamh ar ghuthán
To terrify: Crith chos agus lámh a chur air, sceimhliú
To throw money down the drain: Airgead a chaitheamh le gaoth
To throw on the scrapheap: Caith fé bhun cártaí, or ar charn aoiligh, or ar
chártaí, or faoi thóin chártaí
To thump out a tune: Fonn a phleancadh ar an bpianó
To thump the table: An bord a ghreadadh le dorn
To toss a coin: Pingin a chaitheamh san aer: Ceann nó cláirseach
To trample on something: Gabháil de chosa I rud. Ghabhas de chosa ann = I
trampled on it.
To treat a metal with an acid: Aigéad a oibriú air
To treat something badly: Droch-bhail a chur ar rud
To trip someone up (Figuratively): Bhreith amuigh ar dhuine
To turn a card up: Cárta a iompú
To turn a garment inside out: Ball éadaigh a iompú amach . Drom ar ais,
isteach is amach (Kerry)
To turn a wheel: Roth a chur thart
To turn out as: Iompó amach
To understate: Maollaím ar thuairisc, nó maolaisnéis
To utter a threat: Dhein sé bagairt
To wash your hands of: To lámha a scagadh as
To whet one's appetite: Faobhar a chur ar do ghoile
To wish somebody well: Rath a ghuí le duine
To wonder about..: bheith amhrasach
To wonder at: Ionadh a bheith..
To zoom past: Stróiceadh thar
Token of affection: Mar chomhartha cumainn.
Too confident: An iomarca iontaoibhe astu féin
Too much by half: A leath eile de bharraíocht
Trapped:
Gafa i ngaiste, ceapaithe i ngaiste
Trip someone: Cor coise a chur faoi dhuine NÓ ar dhuine NÓ tuisle a bhaint
as duine
Trying to take the rough with the smooth: Ag iarraidh an t-olc a shnáthadh
leis an maith a bhí
Turn around: Iompaigh thart
Twenty four parts: Ceithre coda fichead
Two metres squared: Dhá mhéadar cearnaithe
Under our care: Fénar gcúram
Undertake: Gahbáil faoi
Unless..: Murab amhlaidh
Unlucky omen: Droch-thuar, mí-ámharach, mí-fhortúnach
Unlucky star: Droch-chinniúint
Unrecognisable: As aithint
Upon my word: Am briathar
Vehemently: Go nimhneach Touchy Spiteful
Very thick bank of fog: Scailp ceoidh go bhféadfá é a ithe le spúnóg
Vicious circle: Ciorcal lochtach
Victim: An duine atá thíos leis, íobairteach
Wandering aimlessly: Ag imeacht gan aird
Warm and cosy: Te teolaí
Was discussed: Tráchtadh ar..
We are a lazy race: Táimíd an-leisciúil mar chine
We are being denied our rights: Tá ár gceart á gcoinneál uainn.
We got on great: Bhíomar chomh mór le chéile agus a bheadh bó le coca féir
We had to make the money last: Chaitheamar an t-airgead a chur i bhfaid
We have John to thank for that: A bhuíochas sin ar Sheán
We have no alternative: Níl an tarna dul suas againn, níl an tarna suí sa
bhuaile againn
We made friends: Dheineamair mór leo. Dheineamair muintearas leo
We understand one another poorly: Ní maith an tuiscint atá againn ar a
chéile
We went into a huddle: Chuamar i gcogar
We were given an effusive welcome: Cuireadh na múrtha fáilte romhainn
Welcome to the three of you: Fáilte rómhaibh triúr
What I set out to do: An rud a chuireas romham a dhéanamh ná
What advice would you give them: Cé'n chomhairle a chuirfeá orthu (MOS)
What amount of money are you trying to collect: Cé'n sprioc airgid atá
agaibh?
What are you interested in, what are you interests: ?? Cad is suim leat ??
Cé'n caitheamh aimsire atá agat?
What are you on about: Cad é an tseinm atá ortsa
What are your hopes for the future: Cén súilíocht atá agat amach anseo. Cad
air an bhfuilir ag brath, san aimsir romhainn
What begins as a joke often become serious: Tagann an magadh go leaba an
dáiríre
What did he die from: Cad LEIS a fuair sé bás
What do you call it: Cad a thugann tú air
What do you mean by that?: Cad é atá faoi sin agat, cad is ciall leis sin
agat
What do you mean: Cad é atá i do cheann
What does he mean to you: What do you think of him, etc. Cad é do mheas air
etc.
What does it mean to you?: Cad a cheapann tú de etc.
What is the internet best for: Cad chuige is fearr an t-idirlín? (Myself)
What kept you from going to school: Cad a choimeád ón scoil tú?
What must I do: Cad is gá dom a dhéanamh
What size shoes do you take?: Cén uimhir bróg atá agat
What's it about?: Cad is ábhar do
What's it like: Cé'n saghas é?
What's the latest: Cé'n cor is déanaí sa scéal?
What's the purpose of it ?: Cé'n aidhm atá leis ?
What's time to a pig: Cad is fiú am do mhuc? Nioclás Biorthnach
When it would be missing: Dá éagmais
When the test was over: Nuair a bhí an triail DÉANTA
Where did you go to school?: Cá rabhais ar scoil?
Whether I had money or not: Airgead agam nó uaim
Who would be better for it, do it better: Cé fearr chuige
Wild goose chase: Tóráiocht an ghadhair (madra) gan fhios a dhatha
With all due respects to the company: I gcead don chuideachta, don
chomhluadar.
With luck he MAY get it: Seans ann go bhfaighidh sé é
With malice aforethought: Le mailís réamcheapaithe
With regard to: Maidir le
With respect, excusing myself: I gcead + gen. I gcead an chomhluadair. I
gcead duit = with respect to you.
Within a kilometre of: Fé chiliméadar de
Within easy reach of..: I gcóngar ..
Within reach: Fé fhaid láimhe, within earshot is in éisteacht, fé raon na
gcluas. as éisteacht. Fé fhaid radhairc
Within the sound of: in éisteacht
Within the sweep of the net: I gcompal na heangaí
Without hesitation: Gan leisce ar bith, gan amhras
Without him having the health for it: Gan a shláinte a bheith faoi dhó
Working in his own interest: Ag tochras ar a cheirtlín féin. Ceirtlín.
Ceirtlín cáil, cabáiste = round head of cabbage. Tá sé i mbarr na gceirtlíní
geala = he is in high spirits. I dteannta na gceirtlíní = to add to my
troubles. Dhein an ghráinneog ceirtlín di féin. Ceirtlín de dhuine = rotund,
well-built person. Dhein sé ceirtlín díom = he knocked me in a heap.: x
Working surreptitiously: Obair os íseal
Would you like to speculate on that?: An gcaithfeá tuairim ar sin?
Writhe: Lúbarnaíl Ag tabhairt na gcor
You are a lightning conductor for: A spokesman for. Urlabhraí
You are better off without it: Is fearr uait é
You are distracting me: Táim mearaithe agat, táir ag baint m'aigne den obair
You are in a better position to judge: Is fearr an deis atá agatsa breith a
thabhairt.
You are just imagining: Táthar á shamhlú duit, ar do shúile atá sé
You are not sincere in your praise: Ó bhéal do mholadh
You are yah (Cork city English = you certainly are not) : Tá rud (Tá brón
orm)
You became involved with: Chuaigh tú ceangailte le
You can come to certain conclusions: Is féidir tátail áirithe a bhaint astu.
Tátal
You could fill the bottle three times over: Tá trí lán an bhuidéil ann
You have put your finger on it: Leag tú do mhéar air
You haven't changed a bit: Is tú atá ann i gcónaí
You haven't decided what to do: Níl socair agaibh cad tá le déanamh
You look a lot younger than that: Féachann tú i bhfad níos óige ná sin
You look younger than your years: Féachann tú níos óige ná t'aois
You may take it as true: Mura fíor é bain an chluas, bár na cluaise díom
You may well: Ní cás duit
You may whistle for it now, wish in vain: Cuir méar i do bhéal anois
You should make him do it: Ba chóir duir iallach a chur air é a dhéanamh
You would be flying!: Bheifeá lán de cheol
You'll pay dearly for it: Beidh daor ort
You're trying a new path, job etc: Táthair ag tabhairt bóthar nua, conair
nua ort féin
You've stolen my question, my thunder: Tán tú tagtha romham
Your ears were burning: Bhí tochas id' chluas clé agat