Dia Sinseartha nó Dia Sinsear?  / Ancestral God or Ancestor God?

 

Is léir gur chreid ár sinsir págánta ceann desna smaointe seo:  A) go bhfuil gaol coisricthe ag gach tuath le dia áirithe cosainte; nó B) go dtagann gach tuath anuas mar shliocht óna ndia áirithe cosainte.  Go dtí gurbh fhéidir le scoláirí (.i. sibshe) cruthú gur chreid ár sinsir gur tháinig siad anuas mar shliocht ó na déithe sin, cuirfidh mé an t-ainm “Dia Sinseartha” (‘ancestral god’) i n-ionad “Dia Sinsear” (‘ancestor god’) ar na déithe seo.  Chun tosú, féachaigí ar:

 

War Commentaries of Caesar (“Caesar’s Gallic Wars”), eagartha le Warner, leathanach 125

“Deireann na Gaill (‘Gauls’) go dtagann siad go léir anuas ó Dis Pater agus go bhfaigheann siad an tráidisiún seo ó ghlúin go glúin ó na draoithe.  Don fáth seo, áiríonn siad am le hoícheanta i n-ionad le laethanta … agus téann siad ar an nglacadah go dtagann oíche roimh lae…”  [Ba dhia Romhánach é Dis Pater agus bhí sé cosúil leis an dia Gréagach Pluto.]

 

Lebor Gabála Érenn / “Book of the Invasions”, eagartha le MacAlister, leathanach 162, alt 350

“Tuatha Dé Danann iomorro, ba dhéithe a n-aos dána (agus) ba aindéithe a n-aos treabhtha.  Ba iad seo na trí déithe Danann ón ainmníthear Tuatha Dé Danann, .i. trí mhic Bres mic Eladhain:  Triall & Brian & Cét (nó) Brian & Iuchar & Iucharba, trí mhic Tuirenn Biccreo, .i. na trí dhraoi ón ainmníthear Tuatha Dé Danann.”

  

Gill 1, Ireland Before The Vikings, Gearóid Mac Néill, i dtaobh na Daoine Ársa, leathanaigh 3-4:  “Faightear a n-ainmneacha (.i. ainmneacha na ndaoine ársa) i gcruthanna éagsúla:  ag críochnú i   –raige (‘an tuath de’), nó mar Dál (‘an cuid de’ nó ‘an dáileadh de’) nó Corco (b’fhéidir ‘síol’) …. nó mar ainm bailithe (collective noun) ag críochnú i  -ne…”   [Agus deireadh eile:   – achta = ‘sliocht de’, mar Connachta.  Samplaí:  Artraige, Boandraige, Cerdraige, Ciarraige, Connachta, Corco Baiscind, Cruithne (nó Cruithin), Corco Luighdhe, Dál nAraidhe, Érna (nó Érainn), Féni (nó Féne), Luigne, Osraige.]   “Feictear go bhfuil sé doshéanta (‘indisputable’), áfach, go bhfuil cuid de ghach ainm seo ina h-ainm dé (‘name of a god’) nó buafhocal dé (‘epithet of a god’), dia a bhí ag an muintir sin le chéile.  Is é seo ‘an dia leis a gheallann mo thuath’ mar a dheireann na dlí-théacsanna…….Ní léir é ar smaoineadh freisin gur sinsir iad na déithe seo….”  [Ach féach air seo leanúint:]

 

Irish Historical & Archaeological Researches:  Collected Works of Liam Ó Buachalla, L. 253

“Ba ainmneacha déithe tábhachtachta págánta na ainmneacha seo (.i. Aed, Eochaid, Conall, Oengus, Fergus, Cormac, Corpre, 7rl.)  Le leathadh Críostaíochta, feiceadh an nós seo (ag baint áise as ainmneacha ndéithe) le míshásamh agus seo é is dócha an fáth don titeadh tobann i ngnaoi (i bhfaisean) don bhuíon ainmneacha seo….. Go dtí an t-am sin, ba ghnáth-chleachtadh é áis a bhaint as cineál foirmle sloinne (‘surname formula’) déanta leis an téarma moccu a leanadh le hainm dé cosainte don muintir an duine sin… Mar sin, ba Chiara an dia cosainte na gCiarraige agus tugadh Luccreth moccu Ciara ar fhile an tuath sin sa seachtú aois…. Sa chaoi céana, tugtar Brendenus mocu Alti ar Naomh Brendán na n-Altraige i lámhscríbhinní luatha…   I roinnt cúiseanna inscríbhinní oghaim, briseadh ainm an dé tar éis an téarma mocui (an focal do mhoccu i n-ogham) as an gcloch d’aon ghnó {‘on purpose/deliberately’) ag am nuair a fuair an Chríostaíocht bunús daingean.     [Ach cad is ciall do moccu?]

 

Dictionary of the Irish Language, Royal Irish Academy, L. 448, I dtaobh “maccu (moccu)”:

“De réir MacNeil, Ériu iii, 42,  is comhbhrí an comhcheangal ‘moccu + genitive’ le ‘is ball an duine seo den gens nó muintir an tsinsir a nochtar sa ginideach a leanas.…  Sa Vitae Adamnáin, téann an abl. gente roimhe (.i. roimh moccu) go minic…" [gens, gentis, gente, generation = related to race, people, family, descent i Laidin]  "Faightear an fheidhm chomhaimseartha is deire den focal seo (.i. 'moccu') i AU (Annála Uladh) sa bhliain 690… [Le teacht na Críostaíocta, níor mhair an foirmle sloinne seo.]   Aistríonn Marianus Scotus é mar filius nepotis [‘son of a descendant’?  Níl Laidin agam. Cad is ciall dó sin?]…  (Samplaí:)  Fintenus gente moccu Moie… Ernani filio gente mocu Neth Corb…  Lugbeus gente mocu Min…  filium Milcon maccu Boóin…”

 

Cad anois?  Taighde.  Féachaigí sna ginealaigh, léigí na sean-scéalta, agus cruthaigí bhur dtuairimí.