Eachtra Neara / Táin Aingen

 

Chroch Meadhbh 7 Ailill dhá bhraighdeanach cúpla lá roimh Shamhain.  An Ulaidh iad?  An íobairt í seo?

 

Oíche Shamhna, thug Meadhbh 7 Ailill dubhshlán (dúshlán) dona muintir féin.  Cén dubhshlán?

 

Chuaigh Neara amach go dtí an chroch agus chuir sé an gad ar bhraighdeanach le cabhair.  Cén cabhair?

 

Téann Neara ó theach go teach.  Cén fáth?  Cad a bhí ar a dhroim?

 

Feiceann Neara Ráth Cruachan dóite agus cinn bhainte a chairde.  Cé a dhearna é?

 

Téann Neara isteach san Uaimh Cruachain.  Cén fáth?

 

Pósann Neara ann.  Iompraíonn sé ualacha adhmaid.  Feiceann sé beirt ag faire tobair.  Cad a bhí sa thobar?

 

Insíonn a bhean dó fógairt a thabhairt dona chairde.  Cén fógairt?

 

Tháinig Neara thar ais chun fógairt a thabhairt dona chairde.  Cén t-am é sa bhaile?  Conas a chruthaigh sé go raibh sé i measc na sidhe?

 

Beireann a bhean mac.  Cad is ainm dó?  Cad a thugann sí dona mac láithreach?

 

Ag deireadh na bliana, téann Neara thar ais i n-Uaimh Cruachain.  Cén fáth?

 

Cad a dheireann a bhean dó a dhéanamh?

 

Tagann an Mórrighan 7 goideann sí.  Cad a ghoideann sí? 

 

Tugann an Mórrighan soir don Donn Cuailgne í

 

Tugann an Mórrighan siar chun Connacht í

 

Stadann Cú Chulainn an Mórrighan 7 scaoileann sé í.  Cá?

 

Tagann an bhó agus a tarbh-ghamhain thar ais go Neara 7 a bhean.  Conas a bhí am ag an mbó gamhain a bhreith?

 

Thug Neara as an sí-thulach iad

 

Bhí Ailill agus Fergus Mac Róich ag imirt fithchille agus chuala siad gamhain Aingen, agus rinne Fergus tairngreacht.  Cén táin a réamh-fhaca sé?

 

Chas an tarbh-ghamhain ar Fhinnbheannach ar Magh Aí.  Bhí gleo acu.  Cé a bhfuair an bua?

 

Cad a dúirt an tarbh-ghamhain?  Cé ar aistrigh é?  Tháinig tnúth ar Mheadhbh don Donn Cuailgne.

 

Chuaigh na Connachta agus An Dubh-Shlua Ar Deoraíocht isteach sa sí-thulach agus mhill siad é. Thug siad amach an choróin Bhriúin, an fhallaing Loegaire, agus léine Dhúnlainge.  Cé hiad an Dubh-Shlua?

 

Chuaigh Neara agus a bhean agus a mhac (Aingen) thar ais isteach sa sí-thulach agus ní thiocfaidh siad amach go Bráth.  (Mar sin, tá bráthair agam fós i measc na sidhe.)