Rugadh agus tógadh mé ar Inis Fada, Nua Eabhraic, ach bíonn croí Éireannach ionam ó m'óige. Bhíodh mo thuismitheoirí ag caint faoi agus ag plé cúrsaí na hÉireann. Ní féidir liom am a chuimhneamh nach raibh ceol Éireannach ag seinm ar an bhfónagraf nó ar an raidió. Bá é an inspioráid dom é seo na píoba uilleann a fhoghlaim. Is cuimhin liom m'athair ag seinm ceirnín le Finbar Furey agus m'athair ag léiriú conas ar oibrigh na píoba dom. Bhí mé timpeall ocht nó naoi mbliana d'aois agus gheall mé ansin na píoba a fhoghlaim.
Ba í mo mháthair í a chuir i dteagmháil leis an nGaeilge mé. Bhíodh sí ag éisteacht le Séamus De Bláca ar WFUV, agus ba í an chéad duine de mo mhuintir í a rinne staidéar ar an nGaeilge. Chuaigh sí go Scoil Ghaeilge Ghearóid Thóibín blianta ó shin agus bhí sí i rang Chathail Mertens. Blianta ina dhiaidh sin, bhí mé saor sna oícheanta Déardaoin, agus thosaigh mé ag freastal ar na ranganna anseo. Agus, mar a deirtear, is stair an chuid eile é.
Bhí sé sin timpeall sé bliana go leith ó shin, i samhradh na bliana 1998. Ó shin i leith, thug mé trí chuairt ar an nGaeltacht i gConamara chun staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, agus beidh mé ag dul ar ais ar feadh shamhradh na bliana seo chugainn, 2005, le cúnamh Dé. Anois, is mise duine múinteoirí Scoil Ghaeilge Ghearóid Thóibín. Táim ag obair ar mo cheirnín féin, agus beidh meascán ceoil rince agus amhrán ann. Chum mé cúpla amhrán as Gaeilge agus cúpla phort rince freisin ar na píoba. Bhí mé ar cheirnín Bhriain DeVale, Raise Your Glass, agus chas mé ceol leis ar an raidió ar na chláir "Ceol na nGael" ar WFUV , Ollscoil Fordham, agus "The Long Ireland Show" le Eileen Cronin ar WRHU, raidió Ollscoil Hofstra. Seinneadh mo cheoil ar chlár Shéamuis De Bláca, "Míle Fáilte," ar WFUV, agus bhí mise mé féin air mar aoi chun cabhrú le bailiúchán an airgid. Agus is cinnte go mbeidh mé ag Scoil Ghaeilge Ghearóid Thóibín ar feadh tamaill fhada, le cúnamh Dé.