Raimil Óil na dTríocha Dó Contae le Brian De Vale

 

Le Brian De Vale agus Séamas Ó Neachtain

 

 

18 Feabhra – An tAistear Curtha i gCríoch

 

A chairde Gaeil, tá an t-aistear curtha i gcríoch agam, agus sáraíodh an churiarracht.  Oíche aréir, thosaigh mé mo thuras feadh aibhinne Maclean sna Broncs, beagáinín roimh 7:00 iarnóin, uair bhreá sna tithe tábhairne, mar bíonn atmaisféar cairdiúil ann agus na daoine ag tosú chun teacht isteach agus chun dul ar na cannaí…  An chéad stad a rinne mé ná JP Clarke’s, mar a raibh achrann agamsa agus ag Lugh Óg De Paor anuraidh, i ndiaidh 3:00 ar maidin, le roinnt fear as lár na hÉireann, mar bhí mé ag lorg BIFFO.  (Nuair a d’inis mé do bhuachaill tábhairne anuraidh go raibh mé ag lorg duine as Uíbh Fhailí, d’inis sé dom go rabhas ag lorg BIFFO   big ugly fook from Offaly).   Bhuel, i mbliana, tháinig mé i dtír ar uair i bhfad ní ba réasúnta, ghlaoigh mé ar phionta agus gan mhoill, chroch mé lámha le beirt fhear sa teach plódaithe sin.  Ba as Éirinn iad araon, duine as Tiobraid Árann agus a chara Stephen Keaney as Dún na nGall.  Bhí an teach plódaithe agus bhí ceiliúradh ar siúl mar gheall ar breithlá mná óige.  Is dócha gur mór an ghnaoi atá ag na daoine uirthi, mar ní raibh ann ach áit seasaimh.  Chaith mé mo chéad dheoch ofrála, agus shiúil mé amuigh, mar a raibh mé ag déanamh comhrá le lucht caite an tobac.  Bíonn sé go deas, ar shlí, comhrá séimh a dhéanamh lasmuigh, mura mbíonn sé ró-fhuar, agus iarracht a dhéanamh blas an duine a aithint.  Chuala mé blas Ultach breá saibhir agus ghuí mé gur as Doire ab ea é, ach ní raibh an t-ádh orm.  D’fheall an t-urchar orm mar gheall ar cúpla míle.  Fear breá as Tír Eoghain a bhí agam.  Labhair sé liom faoin saghas giotáir a bhí agam (giotár fuaimiúil Fender le 12 sreang) agus bhí moltaí aige maidir le háiteanna a bheadh ann anocht chun seisiúin mhaithe a fháil.  Mhol sé The Rambling House ar aibhinne Katonah sna Broncs.  Is comhthreomhar le haibhinne Maclean é aibhinne Katonah, dhá bhloc ó dheas.  An difear idir an roinn Woodlawn sna Broncs agus an roinn Yonkers ó thuaidh, tá sé cosúil leis an réiteach nua ar an teorann in Éirinn:  Tá an teorann ann, ach ní léir go n-aithníonn éinne go bhfuil sé ann.

Is parthas don raimleálaí é comharsanacht Woodlawn/Yonkers:  gach áit i ngaireacht siúil agus an ilchineál bialann, nó tithe tábhairne, mar ba chóir a thabhairt orthu.  Dóibh siúd a lorgaíonn scoth bia, tá bialanna iontacha ann.  Dóibh siúd a lorgaíonn ceol traidisiúnta, tá a leithéid sin ann.  Agus dóibh siúd a lorgaíonn síbíní ar an sean-nós, mar a mbíonn Éireannaigh an tsean-tí de réir an steiréitíopa, tá a leithéid sin ann freisin – buíochas le Dia!  (Sciurdann dúchas trí na crúba, agus leanann cú giorria!  Is amhlaidh go mbím níos compordaí dé réir mar a bhíonn an cíos níos ísle sna háiteanna seo, is dócha) .

 Amach liom mar sin go taobh eile na sráide agus Fagan’s Ale House.  Fuair mé slua tipiciúil ar an oíche Domhnach de oibrithe ó thionscal na tógála a ligeann a scíth ar an deireadh seachtaine.  Bhí cluiche dairteanna ar siúl ag scata amháin, agus bhí daoine eile a raibh cúpla deoch istigh acu cheana, a bhí ag canadh i dteannta le Kenny Rogers ar an júcbhosca.   Is aisteach mar a bhfaightear amhráin i measc na nÉireannach.  Dhá shamhradh ó shin i gConamara i dteach tábhairne do dhaoine óga is cuimhin liom duine ag canadh Colin Rave:

 "If you get there before I do - don't give up on me...I'll see you when my chores are through, I don't know just how long I'll be, but I'm not gonna let you down, just you wait and see and between now and then, till I see you again I'll be loving you -Love Me....Muise, maith dom gur maith liom a leithéid sin d’amhrán, agus fanann sé i do cheann.  Ach ní raibh an t-amhrán nua an samhradh sin, ní raibh sé ach ag dul timpeall de sheans, ar shlí suntasach.  Ceoltóirí áirithe, is cosúil le déithe iad i measc lucht leanúna ceoil tuaithe in Éirinn – beirt díobh sin is ea Johnny Cash agus Kenny Roger.   Mar sin, chanamar ar aghaidh leis seo:  "You got to know when to hold 'em...know when to fold 'em"...

Bhí tosach oíche ann cheana féin agus ní raibh sé ach 7:30!  Bhuel, mhínigh mé mo lorg do dhuine, agus Gerry Regan as Gaillimh a bhí ann, mar atá.  Shínigh sé mo leabhar agus léigh sé an liosta, i dteannta le cara as Cabhán, contae a bhí agam cheana, agus mhol siad dhá theach thuas na sráide dom mar staid.  D’fhiafraigh cúpla Meiriceánaigh óga díobh cad é an rud a bhí chun síniú agam, agus cheap siad gur an-smaoineamh a bhí ann a leithéid sin a dhéanamh, agus gur mhaith leo déanamh amhlaidh am éigin amach anseo.  Go n-éirí leo.  Agus d’imigh mé liom…

An chéad stad eile ba ea Ned Devine’s  (sea, mar an scannán)...Bhí an fear tábhairne thar barr.  Dhoirt sé Guinness breá agus d’fhán sé chun mo liosta a scrúdú.  Thaispeáin sé rógaire óg a bhí ag caint ar a ghuthán póca dom, agus dúirt sé “sin Liatroim”.  Agus is amhlaidh gurb ea.  Shuigh Declan Kelly as contae Liatroma síos i m’aice agus ghabh sé gáire croíúil nuair a chuala sé faoi mo thriail.  Shínigh sé agus sna nótaí tráchta leis, scríobh sé “táim ar meisce”.  Bhí sé lán de spraoi agus nuair a labhair sé rud beag as Gaeilge, d’fhreagair mé é, rud a spreag sé chun sruth Gaeilge líofa scaipthe meisciúil a ligeann uaidh.  D’inis mé dó gur thiomáin mé trí ghleannta Liatroma agus gur chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm, mar cheap mé roimhe sin nach raibh ach tír chothrom ann in Liatroim, cosúil le lár na tíre.  Ba ionadh deas sin dom.  Ba chuimhin liom gur thiomáin mé trí Ghaeltacht bheag sna gleannta Liatroma agus nach raibh a fhios agam roimhe sin go raibh mórán Gaeilge ann ina chontae dúchais.  Lig sé gáire mór fiáin uaidh agus dúirt arís is arís eile le blas tiubh, gach cúpla abairt, "Ah boy-when its beat into ya, ya don't forget it!!"  Ina dhiaidh sin, phléascadh sé ag gáire.  Is tabhartas é duine as Liatroim a chloisteáil ag gáire.  Insíodh dom oíche eile le déanaí gur tháinig líon mhór inimirceach go Meiriceá sa naoú aois déag as Liatroim.  Ba é (agus sílim go fíor fós é) an contae ba bhoichte in Éirinn.  Go dtí le déanaí, bhíodh duine in ann talamh a cheannach ar phraghas réasúnta íseal ansin, agus ní bhíonn áiteanna go leor mar sin ann.  Bhain mé súp as Declan agus d’ól mé slán do Liatroim – áit álainn, cé gur bualadh buillí troma uirthi sa stair agus sa gheilleagair.  

Tháinig cara óg eile anall agus nuair a chuala mé a bhlas, ghuigh mé gur Doire a bhí ann, ach arís eile, bhí an lead seo as Tír Eoghain.  Agus nach buachaill deas eolach oilte a bhí ann, agus tuiscint na staire aige!  Tabharfaidh mé Rónán air, mar níor mhaith liom a aithne a ligeann.   Chuaigh sé i bhfeidhm go mór air go raibh an méad suime ag aon Mheiriceánach in Éirinn go rachadh sé go dtí a chontae dúchais.  Áit achrannach ab ea Tír Eoghain le linn a óige.  Chaill sé roinnt gaolta a luaigh sé a bhí ar fiannas i rith na dTrioblóidí.  Ní maith liom an focal sin trioblóidí a thabhairt ar an gcogadh a d’fhear na poblachtaí chun saoirse ó na Impiriúlaithe Sasanacha a bhaint amach dá dtír.  Cheap mise riabh gurbh é an bratach Sasanach ag foluain sna sé chontae, gurbh é sin an t-aon trioblóid amháin…D’inis sé dom go mba chóir dom cuairt a thabhairt ar an bpríosúin Long Ceis ar an gcéad turas eile dom, áit a raibh an méad sin daoine cróga (agus go minic neamhchiontacha) faoi ghlas.  Bhíomar ar aon bharúil le chéile go bhfuil an tsíocháin atá ann go breá, ach nach raibh an cuspóir seo ag Bobby Sands agus na mairtírigh eile a cailleadh ar an stalc ocrais.  Ní raibh cearta sibhialta sa Ríocht Aontaithe uathu, ach ba phoblachtaigh iad a bhí ag troid ar son tíre, tír a ghoid gach éinne uathu – na Sasanaigh, muintir Átha Cliath nach raibh sásta bheith bainteach le trioblóid ar bith, mar fuair siad a gcuid fhéin.  Bhí comhrá taitneamhach leathuair an chloig againn faoin stair agus faoi thodhchaí na sé chontae in Uladh (ach ní fíor go bhfuil ach trí cinn in Uladh, mar goideadh trí cinn eile, Muineachán, Cabhán agus Dún na nGall chun móramh aontachta a chaomhnú).  Tá grá agam do na deartháireacha agus deirfiúracha sna sé chontae, atá go breá deas nuair a bhíonn muinín acu ionat, cé go dtugann siad meon crua orthu go minic.  Labhair mé le Rónán faoi mo thuras ba dhéanaí go Ard Mhacha agus an am breá a bhí agam in Devlin’s Pub le roinnt daoine áitiúla.  Bhí sé deacair dó creidiúint go raibh aon duine ansin sásta fiú caint liom, mar ní bhíonn siad sásta caint le héinne nach as a sráid féin iad, ar eagla gur spiairí iad, nó mar sin de…Bhuel, táim sásta gur ghlac siad liom, agus sásta gur roinn Rónán a chuid scéalta liom, agus a chuid taibhreamh agus a dhóchas dá chontae dúchais liom.  Tír Eoghain abú!  Agus amach liom go Rory Dolan’s.

Is áit shuntasach é Rory Dolan’s.  Bhí mé i láthair ansin ag roinnt dinnéir polaitiúla thar na blianta, agus ba mhaith liom an áit riamh.  Fuair mé pionta go pras agus bhí “Jimmy” as contae an Chláir, a bhí taobh thiar den bheár, bhí sé glic chun roinnt buachaillí as Port Láirge a thaispeáint dom, a bhí ina suí taobh thiar díom.  Shínigh Decal Power as Port Láirge mo leabhair le meangadh gáire air.  Is as tuaisceart an chontae é, cóngarach do Thír Eoghain.  Thiomáin mé ansin tráth, trí mhám ar a dtugtar an V, mar is mám an-mhór i gcruth na litreach sin é.  Rinne mé sin ar thuras a rinne mé in 1993 i dteannta leis an sáirsint Bill Conway de phóilíní chathair Nua-Eabhraic.  Ní raibh aon fhios agam ag an am go raibh mé ag tiomáint trí chlós cúil mo dhuine seo lena raibh mé ag ól pionta agus ag fáil a shíniú 15 bliain anonn!  Tá Gaeltacht bheag álainn ann i bPort Láirge, An Rinn.  Tá teach tábhairne ann darb ainm Murray’s agus is é Sylvester Murray an t-úinéir é.  Tá col ceathair aigesean darb ainm céanna, atá ina chigire scoile atá i mbun teangacha eachtrannacha.  Bhuail mé leis nuair a bhí mé ar cuairt le mo nia as Puerto Rico. Bhí comhrá deas againn leis ar feadh uair an chloig, ag caint as Gaeilge agus as Spáinnis líofa.  Daoine breátha.  Port Láirge abú!

Stad stairiúil ab ea an chéad stad eile.  Insíodh dom go mba chóir dom cuairt a thabhairt ar theach darb ainm Heritage, ar Maclean agus Grover.  Rinne mé amhlaidh.  Fuair mé an pota óir!!!  Bhí roinnt custaiméirí lasmuigh os comhair na háite lena dtosaigh mé ag caint, agus is beag spéis a chuir siad sa bhuíon cheoil a bhí ag seinm istigh.  Tháinig bean óg chugam agus d’fhiafraigh sí díom “Cén contaetha atá uait fós?”  Irene Delaney is ainm di.  As Uíbh Fhailí!  Uíbh Fhailí abú!  Ná bí ag magadh faoi BIFFO, le do thoil, mar bhí an bhean óg seo go hiontach agus chabhraigh sí liom chun an churiarracht a shárú leis an lorg seo.  Thóg sí mo leabhar agus fuair sí daoine éagsúla agus bhí cúig contae bainte amach aice roimh chúig nóiméad!  Thosaigh an rith piontaí i dteannta le gach duine díobh seo a leanas – custaiméir Gary Tierney as Cill Dara, cailín tábhairne Gwen Hodgins as Lú, Paul Friel as Doire, atá ina bhuachaill tábhairne, agus chomh tapa agus chomh breá agus ab áil le héinne is ea é.  An duine deireanach chun síniú ab ea O’Connor éigin as Longfoirt.  Ní cuimhin liom a ainm baiste agus ní féidir dom é a léamh, faraor.  Tháinig mo chol cheathair Mossy as Scarain, contae Ciarraí, deich nóiméad ní ba dhéanaí.  D’imigh an bhuíon cheoil agus múchadh an júcbosca timpeall 11:30.  Chanamar le chéile le mo ghiotár as sin amach go dtí 3:00 ar maidin.  Agus sea, ghabhamar Johnny Cash, Kenny Rogers agus tá a fhios ag Dia pé rud eile.  D’fhág mé slán ag Mossy agus d’imigh liom chun lánbhricfeasta Éireannach a fháil béal dorais ag Eileen’s Country Kitchen.  Shiúil mé go mo charr agus chuir mé mo ghiotár i dtaisce, agus ghlac mé le cnap codlata lán-tuilte a lean cúig uair an chloig.  Dhúisigh mé ar 8:15 ar maidin, agus bhí draonán báistí ann.  Cheapfainn mar gheall air sin gur eachtra samhraidh a bhí ar siúl agam, mar is minic a dhúisigh mé i mo charr in Éirinn tar éis oícheanta lán de Ghaeilge, de Ghuinness agus de cheol.  Ní raibh ar lár ach sruthán nó abhainn chun mé féin a fholcadh ar maidin.

Thiomáin mé deich nóiméad ó dheas go theach Abuelo is Abuelita agus bhí cithfholcadh deas teolaí agam.  Fuair mé mo mhic agus chuamar le chéile go dtí Músaem Stair an Dúlra, agus chun siúl timpeall The Cloisters agus Fort Tryon Park.  Stad siad ar sráid Dyckman mar chonaic siad comhartha agus “Especialidad en Bizcocho Dominicano" air.  Bhí fonn orthu an cáca Doiminiceach a bhlaiseadh, agus mar sin, rinneamar amhlaidh.  Ba bhreá leo é.  Spreag sin chun smaoinimh mé. Chun an turas a dhéanamh níos suimiúla an bhliain seo chugainn, déanfaidh mé iarracht chun duine as gach tír i Meiriceá Laidineach a fháil – trí mheán na dtithe tábhairne Éireannacha.  Ólann gach duine sna pubanna Éireannacha, agus mura mbeidh siad iontusan, bíonn Pizzeria nó bialann béal dorais agus daoine as Meiriceá Laidineach dá stiúradh..

Nach iontach Nua-Eabhraic!  Nárbh iontach bualadh leis an méad seo daoine breátha sna pubanna Éireannacha!  Go raibh maith agaibh.  Go dtí an t-am seo san athbhliain, slán agus beannacht -

 

 Brian "Mór" De Vale