Raimil Óil na dTríocha Dó Contae le Brian De Vale

 

Le Brian De Vale agus Séamas Ó Neachtain

 

17 Feabhra – An Tríú Contae is Tríocha

 

Tá léim Dhroichead na nAlt caite againn.  Ba léir ón turas aréir gur chóir cead a thabhairt do Astoria, an baile draíochta ar bhruach na hAbhann Thoir, ba chóir cead a thabhairt dó chun an tríú contae is tríocha de chontaetha na hÉireann a thabhairt air féin…

Thosaigh mé an oíche i gcontae Ros Comáin le pionta téagartha ag Fleming’s Bar ar aibhinne 30 agus sráid 34.  Pionta breá sa teach tábhairne sin, atá i seilbh agus faoi chúram Kitty Fleming agus a iníne Diane (lena d’fhás mé aníos).  Bhí na mná uaisle seo as láthair, ach d’ólamar dá sláinte agus do Ros Comáin.  Cé gur ól mé pionta le fear as Maigh Eo cheana féin oíche Dhéardaoin, ní raibh sé de cheart agam imeacht ón teach seo gan scairt  "Up the field Mayo!!!" a ligean in ómós do bhunaitheoir an tí seo, Mr. Fleming, nach maireann.  Bhí sé de nós aige, nuair a bhí mé i mo bhuachaill, sinne go léir a thógáil leis go dtí an Pháirc Ghaelach sna Broncs, chun foirne ionúine Mhaigh Eo a fhéachaint agus iad ag imirt ansin ar an deireadh seachtaine.  Níl aon rud eile ann mar a bhíodh againn, agus carr lán de bhuachaillí Meiriceánacha de bhunadh na hIodáile, na Spáinne agus na hÉireann (le tuismitheoirí as contaetha eile) ag gáir in éindí  "Up Mayo"!!! Cén fáth?  Mar go raibh gean againn go léir do Mr. Fleming agus a theaghlach…Aon uair go raibh éinne ina láthair, mar pháiste nó mar fear óg ina theach tábhairne, cheapfaí gur in Éirinn a bhíothas.  Bhí sé ard dathúil folláin, agus bhí blas aige chomh tiubh le portach.  Fear bródúil as Maigh Eo ab ea é, agus bhí grá aige do na páistí sa chomharsanacht.  Chonaic mé cúpla seanghrianghraf de sa teach tábhairne ó na seanlaethanta.  Ach ní fhaca mé an ceann mór dubh agus bán de ón am go raibh sé ina dhornálaí.  Dúirt an cailín taobh thiar den bheár liom go gcuirfeadh sí a thuairisc.  Is cuimhin liom go raibh dealramh air mar a bheadh sé as an scannán "The Quiet Man" agus bhíodh sé crochta ar an mballa sa sean teach tábhairne.  Ó thús, bhíodh an teach seo suite ar sráid 38 agus Broadway.  Is siopa grósaera Cóiréach anois é sin, áit ina bhfuair mé féin níos déanaí, tar éis cúpla Corona a ól ag an teach tábhairne Meicsiceach atá taobh leis – ach níl sé in am fós don scéal sin…

Ba é the Glen Oaks an chéad stad eile dom.  Tá sé ar aibhinne 30 agus sráid 37, nó i gcontae Sligigh, ba chóir dom a rá.  Nuair a bhí mé ansin ag ól pionta, bhain mé sult as comhrá beirte taobh liom.  Beirt fhear agus blas tiubh na hÉireann ar a gcuid cainte, ag caint faoi – baseball.  An cluiche is Éireannaí…  Bhí siad ag plé an scannail faoi Roger Clemens agus na stéaróidigh, agus thaitin sé go mór liom an méad eolais a bhí acu faoin gcluiche (i bhfad ní ba mhó ná atá agamsa!).  Thaitin tuin cainte an fhir óig, agus na heascainí lena raibh sé breactha, thaitin sin liom go mór mhór - "George Mitchell know's fook all about baseball but to his credot he tried to help Ireland. But fook's sake these two bastards McNamee and Clemens they are both as guilty as fookin sin,,, they ought to shtrike all the fookin records for all of these folks Bonds, Sosa McGwire.  Hank Aaron should be the Home Run champ it was he who beat the Babe’s record, srl..."..   Lean siad ar aghaidh ag plé staitisticí agus stair an chluiche, agus bhí siad chomh heolach agus chomh díograiseach agus bheadh Meiriceánach ar bith lena mbuail mé riamh i mo shaol.  Bhí an tuiscint agus an suim céanna acu sa spórt agus i leas an chluiche.

Maidir liom féin, ní chuirim ‘fookáil’ suim sa chluiche corr, agus féachaint go raibh mé dírithe ar mo bheith in Éirinn ar feadh na seachtaine seo, ní ghlacfainn leis seo.  “Gabhaigí mo leithscéal, an as Éirinn sibh?”  D’fhreagair siad mé gurb amhlaidh, agus thosaigh an comhrá…  Ba é Patrick Donohoe as Sligeach é an chéad duine, agus bhí fear níos sine ab as Baile Átha Cliatha mar leathbhádóir aige.  Chonaic seisean gur shínigh duine “The Dubs” Dé hAoine.  Bhain siad an-taitneamh as mo thionscadal agus dhírigh siad mé i dtreo áiteanna eile.  Ní raibh aon am caite amú agam sular imigh mé chuig mo chéad chontaetha eile.

An chéad teach tábhairne eile, fuair sé an duais mar an áit ina raibh an scata Éireannach ba éagsúla, an dara bliain as a chéile.  The Irish Rover an t-ainm atá air.  Áit an-deas fáilteach atá suite ar sráid 38 agus aibhinne 28, a bhí mar mhianach óir do dhuine mar mise ag iarraidh daoine as gach cearn d’Éire a fháil, agus taitneamh a bhaint as pionta agus roinnt comhrá.  Ba as Cill Chainnigh é an chéad duine a shínigh mo leabhar, fear an tí darb ainm Jerry Cass.  An chéad duine eile, don athuair, ba ea cailín tábhairne óg darb ainm Maria McCogue, as Muineachán…Bhuail mé léi don chéad uair ar mo thuras seo anuraidh.  leor go bhfuil sí go hálainn, ach is Gaeilgeoir cairdiúil í, freisin!  Nuair a bhí sise do mo leabhar a shíniú, ghlaoigh spéirbhean eile, a raibh scata fear óga móra timpeall uirthi, ghlaoigh sise orm “An tusa an duine faoina léigh mé ar r-phost a bhí chun raimil óil a dhéanamh chun bualadh le duine as gach contae in Éirinn?”  Mar a tharla, Ciara ab ea í (tá súil agam go bhfuil an t-ainm ceart agam), a bhíonn ar an gclár nuachta Éireannach “Out of Ireland”, agus mura mbíonn sí os comhair na gceamaraí i gcónaí, ba chóir go mbeadh!  Táim cinnte go mbeadh lucht féachana i bhfad ní ba mhó ann, ar a laghad i measc na bhfear heitrighnéasach!

Chuir sí faoi deara dá cairde mo leabhar a shíniú, agus ghabh Paul Burns as contae an Dúin an rosc “Up Down” cáiliúil dúinn…Bhí roinnt daoine eile ann as contaetha a bhí sa leabhar agam cheana féin.  Ba an-chabhrach dom duine díobh, bean óg as Tír Eoghain, atá ina díoltóir biotáille.  Faraor, chaill mé a r-phost sa “cheo Éireannach” a thosaigh chun bailiú timpeall mo cheann an oíche seo.

An chéad stad eile ab ea McCarrey and Burke’s, ach ní raibh fiú Éireannach amháin sa teach.  D’ainneoin sin, bhí pionta breá agam leis an mbuachaill tábhairne flaithiúil sin, Jimmy Carone.  D’inis seisean dom faoi Ghaillimheach a bhíonn ar dualgas ann i rith na seachtaine.  Bhí comhrá breá agam le beirt as an Ungáir, agus bhí argóint spraíúil againn faoi stair, bhunús agus ábhar na Magyar agus a dteanga.  Bhí stair an tí thábhairne ag duine díobh, agus bhí sé ag teacht go dtí an beár seo le 35 bliain, fiú nuair a bhí an teach ní ba fhaide anonn ar an sráid.  Cá bhfios nach dtiocfainn ar ais chun cuairt a thabhairt ar an nGaillimheach, mura mbíonn Gaillimh agam roimh dheireadh na seachtaine. 

Bhog mé ar aghaidh go Veronica’s Bar ar aibhinne 36 agus sráid 34.  Bhí an cailín tábhairne céanna ann a bhí ann nuair a thug mé cuairt ar an áit anuraidh, dalta ollscoil Baruch agus an t-airgeadas mar phríomhábhar aici.  Monica is ainm di, agus is bean dheas as an bPolainn í.  Tá súil agam go n-éireoidh léi i saol an airgeadais, agus go n-éireoidh sí saibhir go leor.  Cé nach raibh sí ina hionadaí do lucht na Polainne in Éirinn, d’ólamar slán don úinéir, Veronica Devine.  Is as contae Fhear Manach ise.

Tháinig uabhar ar chustaiméir ag an mbeár as na ceisteanna a bhí mé ag cur ar an gcailín tábhairne, agus as mo iarraidh uirthi mo leabhar a shíniú.  “Cé hé an duine seo?  Sílim go bhfuil sé lán de chac.  Cén fáth go bhfuil an t-eolas seo uaidh?  Níl aon chiall leis seo.  Ní chreidim gur raimil óil gan chealg é seo…”  Mhínigh mé dó gur tógadh sa chomharsanacht mé, agus go mbainim taitneamh as an saghas seo comhrá mar a bhí ar siúl idir mise agus eisean, agus gurb é sin mo thuiscint ar Nua-Eabhrac, go mbím in ann bualadh le daoine as gach cearn den domhain agus beoir agus comhrá a roinnt leo.   Fíorfhear Astoria ab ea é, nach raibh leisce air a thuairimí a nochtadh, agus féachaint go n-aithníonn ciaróg ciaróg eile, bhí comhrá lách againn le tamaillín.  Ach más cosúil liomsa é, agus tá a fhios agam go bhfuil sé, GEALLAIM GO BHFUIL SÉ AMHRASACH FÚM GO FÓILL!...

Ní raibh ach Éireannach amháin eile sa teach sin, fear óg as Tiobraid Árann, agus féachaint go raibh mé ansin cheana, lean mé ar aghaidh…  Ba é an chéad stad eile ná Doyle’s Corner, cúinne a thaitin go mór liom agus mar a d’ól mé mo chéad dheochanna nuair a bhí mé timpeall 16 bliain d’aois.  Ag an am sin, ba theach tábhairne Iodálach é ar a thugtaí Mama’s.  Bhíodh sé de nós ag Mama cead a thabhairt dúinn i gcónaí ól ansin ar an oíche Aoine agus ar an oíche Shathairn.  Ba áit spraíúil chairdiúil í.  Bhí nós aice bia a thabhairt dúinn ar 1:00 ar maidin agus suíodh sí agus a deartháir Mario (nach raibh focal Béarla aige), suíodh siad linn.  Bhíodh siad go breá linn, agus bhíodh Mario ag caint liom as Iodáilis agus léadh sé filíocht Iodálach dá chuid dom.  Tá ceann díobh de ghlanmheabhair agam fós:

Molto laboro -molto denaro-

molto amore molto scuolore-

MOLTA MERDA- E LA STESSA COSA!!!

Mórán oibre, mórán airgid –

Mórán grá, mórán staidéir –

Mórán caca asail, tá siad go léir mar a chéile!...

Maith go leor, ní Shakespear sin, ach is fuath liom Béarla agus ghlacfainn le dánta Iodálacha na coismhuintire mar a bhíodh ag Mario am ar bith.  Seo raimil óil sna tithe tábhairne Éireannacha, cibé ar bith.  Ar aon nós, an buachaill tábhairne a bhí ar dualgas, ba as an Chabhán é.  Thug sé pionta breá dom agus d’inis sé dom go mbeadh Brendan as Ciarraí ann i gceann uair an chloig, agus sin mar a tharla.  Um an dtaca sin, bhí mé ar meisce.  Shínigh Brendan mar a rinne sé anuraidh, ina ionadaí dá chontae dúchais, ríocht mo shinsear féin, Ciarraí.  Bhí úinéir an tí as láthair, ach shínigh fear an tí ina ionad ar son contae an Chláir.

Chuaigh mé ar fán thíos go McGloghlin’s.  Is é Mike McGloghlin as Iarmhí úinéir agus bainisteoir an tí seo.  Bhí pionta breá eile agam, agus bhuail mé le Meiriceánach cairdiúil de bhunadh na hAlba a bhain taitneamh as mo lorg agus a dúirt gur thuig sé mo thriail mar mhúin na hAlbanaigh do na hÉireannaigh conas a ól.. Bhuel, chun líne a thógáil ar iasacht ón scannán The Quiet Man, “If you knew your country’s history…”  Is Ceiltigh iad na hAlbanaigh, agus tháinig a sinsir as Éirinn.  Sa sraith faoi phobal labhartha an Bhéarla, scríobh Churchill faoi ‘na hAlbanaigh, nó na hÉireannaigh mar ba chóir a thabhairt orthu, mar is as Éirinn iad’…  ‘Sé sin an t-aon rud amháin, is dócha, gur scríobh nó go ndúirt an fear beag ramhar sin lena n-aontaímse!

Agus an pionta ardaithe agam, bhuail mé le mo dheartháir Mike chun cúpla Coors Light a ól ag a theachsa, agus ansin shiúlamar go contaetha  Corcaigh agus Laois – Cronin and Phelan’s, mo dara seoladh baile.  Chuir an sár-dhraíodóir Dave Cremin, as cathair Corcaigh, agus an tábhairneoir is fearr in Queens b’fhéidir, chuir sé Guinness ar an mbord os ár gcomhair agus meangadh gáire air.  Tá dara post ag Dave ag déanamh seónna agus cóisirí agus gach saghas imeachta, agus is seoid é.  Má bhíonn gá agat le draíodóir chun siamsaíocht a dhéanamh do phaistí nó do dhaoine fásta, is é Dave an fear ceart.  An t-aon draíocht a rinne mé féin ná go ndearna mé an méad sin beorach imeacht as radharc…

Ghlac an t-úinéir Mike Peacock seilbh de Cronin and Phelan's blianta ó shin.  Ba as Ciarraí agus Tiobraid Árann iad na hiarúinéirí.  Is é tábhairne na háite dom é, an áit seo.  Chuaigh mé go dtí an teach seo le mo lucht tionlactha an oíche roimh lá mo phósta, chun glincín deireanach mar fhear díomhaoin a ól.  Phós mé timpeall an chúinne ag an séipéal Most Precious Blood.  21 bliain níos déanaí, táimid pósta go breá sásta fós, agus mar sin, is dócha go bhfuaireamar beagán den ádh Éireannach ón gcomharsanacht seo.

Shiúlamar amach os comhair Bloomberg’s Lounge, agus bhí cailín óg ann faoin spéir i measc na gcaiteoirí tobac ar an oíche fhionnuar seo, a dúirt liom gur chuala sí faoi mo lorg seo, agus d’fhiafraigh sí díom an raibh Aontroim faighte agam fós.  B’amhlaidh nach raibh, agus mar sin bhí mé go breá sásta siúl ar ais isteach léi agus a síniú a fháil.  Ó bhuel, pionta eile le do thoil…

Ba mhian le mo dheartháir bia Meicsiceach, ach bhí sé ag fanacht agus ag caint le scata dá chairde, agus mar sin, chuaigh mé ar aghaidh gan é go dtí an bialann iontach atá ar sráid 38 i gcóngair Broadway, agus d’ól mé cúpla Corona fad agus a bhíodh a bhéile á ullmhú.  Is bialann fíormhaith é, ach de ghnáth, ní théim ach go dtí an beár i gcúl an tí, mar a mbíonn na hoibreoirí Meicsiceacha nach bhfuil ar dualgas ag bailiú.  An timpeallacht chéanna agus a bheadh i dteach tábhairne Éireannach, ach amháin go bhfuil Vincente Fernandez ar an júcbhosca, seachas na Wolfe Tones.  Saolréim leanúnach is ea a leithéid seo, mar gheall ar an mborradh ar an inimirce as Meicsiceo agus imeacht na nÉireannach mar gheall ar athruithe sa gheilleagar.  Beidh na pubanna Éireannacha ag aistriú go cantina Meicsiceacha.  Fadhb ar bith, mis hermanos, tá Spáinnis agamsa, is breá liom Corona agus bainim taitneamh as rís chomh mór le prátaí…Leanfar an saol leis, agus rachaidh an damhsa ar aghaidh, buíochas le Dia – agus is fearr liom an rince Laidin! 

Pé scéal, rinneamar an stad riachtanach ag an bPíotsaria Turcach 24 uair an chloig mar a sheinneann an t-úinéir mo ghiotár, agus béicim cúpla amhrán ranchera dá fhoireann Meicsiceach agus do na straigléirí agus iad ag dul abhaile ó shaolréim na dtithe tábhairne…

Is breá liom Astoria, mo bhaile dúchais.  Bhí sé go breá dom bheith sa bhaile.  Roinn mé béile le mo dheartháir Mike agus chuaigh mé a chodladh ar tholg mo mháthar.  an saol go breá.  Tá 23 contae faighte agam!!!!  Anocht, na Broncs agus Yonkers!  Slán agus beannacht.