Raimil Óil na dTríocha Dó Contae le Brian De Vale

 

Le Brian De Vale agus Séamas Ó Neachtain

 

15 Feabhra san Oíche – Ag Bualadh Chun Cinn

 

Seo anois, tá na páistí ina gcodladh agus chaith mé cúpla uair an chloig do mo thriomú, mar athair creidiúnach freagrach.  Agus chaith mé tamall ag cur mo gháir mholta asam do lucht iomrascála Vince McMahon – Horswoggle, an tAdhlacóir, Bataista agus a leithéid.  Ach anois, táim chun an bóthar a bhualadh arís.

Ba é an chéad stad an uair seo ná Johnny McGrorey’s Bar in Massapequa Park.  Níorbh fhéidir dóibh cóir ní b’fhearr a chur orm.  D’fhear an tábhairneoir Niall Frawley, as contae Luimnigh, fáilte is fiche romham agus roimh m’iarracht chun bualadh le duine anseo as gach contae in Éirinn.  Chaith sé roinnt mhaith ama do mo threorú maidir le tithe tábhairne i limistéir chathair Nua-Eabhraic, ó stáisiún Penn go Rockville Centre, mar a mbeinn in ann bualadh le buachaillí tábhairne as na contaetha áirithe.  Spreag fuinneamh agus cineáltas an fhir, agus an pionta a cheannaigh sé dom, spreag sin mé chun smaoineamh go mbeadh sé go breá dá mbeadh Frank McCourt ann, mar bheinn in ann cic sa tóin an-tuilte a thabhairt dó as an dímheas, dar liom, a thug sé do dhaoine mar seo.  Scríobh mé an t-amhrán “Limerick”, atá ar mo dhlúthdhiosca, leis na focail “Raise your glass to Limerick boys, and her Shannon waters swell... we'll sit and watch the sun go down, from a Shanagolden hill..) chun mo mheas féin a thaispeáint dóibh.

D’imigh mé McGrorey’s.  Ba theach leanna breá é le roinnt teilifíseán agus an iomad de spóirt éagsúla le féachaint orthu.  As sin amach liom go dtí Jackie Reilly’s.  D’inis Niall dom go mbíonn fear as Uíbh Fhailí darb ainm Mick Kehoe ag obair ansin.  Cúpla nóiméid tar éis mo chomhrá le Niall, tháinig mé i dtír i dteach tábhairne álainn a bhí plódaithe agus a raibh buíon raic-cheoil ag seinm ann.  Ghlaoigh mé in ard mo ghutha ar an bhfear taobh thiar den bheár, thar an torann, agus fuair mé an t-eolas uaidh nach as Uíbh Fhailí é in aon chor, ach gur as Loch Garman é.  Ach ar ámharaí an tsaoil, is as contae an Chabháin é an t-úinéir, Sean Reilly.  Mar sin, d’éirigh liom contae eile a fháil, i ndeireadh na dála.  Mar go raibh oíche an Aoine ann, agus mar nach raibh ach trí uair an chloig agam i mo chodladh an oíche roimpi, níor thaitin an ceol liom ar chor ar bith, cé go raibh sé maith go leor, is dócha.  An iomarca calláin do mo cheann, b’fhéidir…Shloig mé mo phionta aníos agus amach liom chuig Paddy's Loft in Massapequa.

San am a chuaigh thart, bhíodh duine as Cill Dara ina úinéir anseo.  Mar bharr ar an ádh, nó ar an mí-ádh, dhíol sé an áit le duine deas as Maigh Eo, a bhíodh ag obair i dteach tábhairne mór eile ar an gcósta theas seo d’Inis Fada.  Bhí an áit go breá, ach bhí mé ‘in’ Maigh Eo cheana féin aréir le Mícheál Mac Conduibh ag an Wantagh Inn…Is baol dom go mbíonn breis daoine as contaetha áirithe anseo sna Stáit.  Bheinn in ann deochanna a ól ina dteannta go rialta.  Ach ní hé sin mo lorg.  Cé go bhfuil ionadaithe níos mó anseo as contaetha ar leith, ní mór dom duine as gach ceann díobh a fháil ar an raimil óil seo!  Bíonn níos mó daoine as an tuaisceart agus as an iarthar le fáil anseo mar gheall ar an mbochtanas a bhíodh sna háiteanna sin, nó sin an tuiscint traidisiúnta a fuair mé.  Ach is minic a théann daoine a tháinig anseo mar gheall ar an mbochtanas ar ais go dtí an tíogar Ceilteach, agus éiríonn sé níos fearr leo anois sa bhaile.  Ní thagann roinnt díobh ar ais go Meiriceá mar gheall ar an dearcadh níos dáiríre ar chúrsaí imirce tar éis 9-11 agus mar sin de.  Agus ar an láimh eile, tá daoine anseo atá ag fanacht le pinsean, agus ní féidir leo imeacht mar d’fhan siad thar an am a bhí ceadaithe dóibh ar a víosa.  Ní bheadh siad in ann teacht ar ais riamh dá n-imeoidís.

Ar aon chuma, sin 11 contae – agus piontaí go leor – atá faighte agam go fóill.  Oíche mhaith!