Raimil Óil na dTríocha Dó Contae le Brian De Vale

 

Le Brian De Vale agus Séamas Ó Neachtain

 

 

15 Feabhra - 9 gContae Faighte Agam!

 

Bhuel, d’imigh mé ar mo thuras aréir agus thuirling mé ar an Oileán Glas timpeall 10:00 i.n., mar a mbuail mé le Pádraig Ó Clúmháin as Inis Córthaidh, contae Loch Garman, agus b’eisean an chéad duine chun a ainm a shíniú sa lámhleabhar.  Bhíomar ag baint taitnimh as pionta den stuif dubh, agus bhí sé ag seinm ar a chuid uirlisí, na spúnóga, fliúit, feadóga agus gaothuirlisí adhmaid eile, bodhrán agus bosca ceoil…

Bhí Tomás (Tom) Jordan ag léamh a nuachtáin go ciúin i gcúlsheomra, tar éis cluiche cártaí a imirt lena gcomhghleacaithe.  Is as Ceatharlach é Tom.  Chaill an t-uasal Jordan mac ar an 11ú Meán Fómhair 2001.  Ceapaim go raibh a mhac ina cheannaire ar chathlán na bhfear dóiteáin.  Chuaigh mé go dtí an sochraid sin, agus chuaigh dínit ciúin Thomáis i bhfeidhm go mór orm agus é ag iompar an bhrataigh Mheiriceánaigh sa mhórshiúl go dtí an séipéal.  Fear láidir misniúil is ea é.  Chomh calma agus a bhí sé, chuir sé i gcuimhne dom liricí an amhráin “Carry Me Up to Carlow”…

Sa teach tábhairne in halla an AOH céanna seo, bhí ár seisiúin ann le dílseoirí na Gaeilge a rugadh i Meiriceá:  Réamonn Ó Cléirigh, Lugh De Paor agus Séamas Ó Neachtain.  Agus bhí an lucht tacaíochta is fearr dá bhfuil againn ann freisin, Ed Muldowney agus Joannie, agus Tommy Lee, agus stiúrthóir Fhéile Scannán Inse Fada, Proinsias Leik, a d’inis dúinn nuair a bhuail sé isteach go mbeidh taispeántas acu in Montauk i Meán Fómhar de roinnt scannáin as Gaeilge…

An chéad stad eile ab ea an Wantagh Inn, mar a raibh an Gaeilgeoir líofa mórga Mícheál Mac Conduibh (McNiff) as Caisleán an Bharraigh, condae Mhaigh Eo.  D’fhear sé fáilte mhór chroíúil romham.  D’inis sé dom go raibh aithne aige ar ár gcomhghleacaí Lugh De Paor, agus fiú go raibh a dheirfiúr fhéin ina múinteoir tráth dá raibh ag ár scoil, Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín.  Is saol beag ach mórtasach é ár nGaeltacht seo Nua-Eabhraic, atá lán de dhaoine éirimiúla bródúla mar Lugh (Luke), Meiriceánach líofa sa Ghaeilge a d’fhoghlaim buntús dá chuid Gaeilge ag an scoil seo, mar a rinne mé féin, agus a chuaigh go ceithre chúinne na hÉireann chun ár dteanga shinseartha a labhairt is a chleachtadh, agus chun na píb uillinne a sheinm is seisiúin, leis.

Tá áthas orm gur éirigh liom bheith ina leathbhádóir i rith na mblianta fada, agus eachtraí go leor a roinnt leis ar fud na tíre in Éirinn.

Ag coimeád smacht ar an teach tábhairne álainn seo a bhí an fear is mó dá bhfaca mé le blianta, b’fhéidir.  D’inis iad siúd a sheol mé go dtí an Wantagh Inn go mba chóir dom “Herbie” a lorg.  Shínigh an fear seo mo leabhar mar Paul Beirrill, is as Droichead Átha é, i gcontae na Mí.  D’inis bean dom lasmuigh den teach gurb é Pádraig nó rud éigin mar sin an fíor-ainm dó, agus dúirt fear eile liom, “bí cinnte síniú a fháil ó Herbie, is as Mí é.”  D’fhreagair mé dóibh, tabharfaidh mé pé ainm is fearr leis ar fhear chomh mór sin!”  Mar a bhíonn cúrsaí go minic, fear breá ab ea é a chaith a chuid ama go díograiseach ag caint faoi na ‘poill uisce’ áitiúla, agus faoina mbeinn in ann bualadh lena chuid ‘paisan’.

Ghabh mé mo bhuíochas leo, d’ól Guinness amháin leo agus d’imigh mé abhaile liom, mar bhí na gardaí Chondae Nassau ag patrólú ar fud na háite, agus ní raibh suim dá laghad agam am nó airgead a chaitheamh leosan.

Tráthnóna Dé hAoine, stad mé ag Quinn’s Irish Gift Shop ar Sunrise Highway in Wantagh.   Tá leas-úinéir den phub Quinn’s atá taobh leis ina úinéir ar an siopa seo, freisin.  Nuair a bhí sé ag síniú mo leabhair, bhí pionta á dhoirteadh dom sa seomra béal dorais.  Tábhairneoir gealgháireach Meiriceánach a bhí ann a d’earcaigh roinnt daoine chun comhairle a thabhairt dom

faoi na poill uisce áitiúla mar a mbeinn in ann daoine a fháil ó na contaetha éagsúla.  Nuair a bhí an bhean uasal Ms. Bernadette Riordan as contae Ard Mhacha do mo leabhar a shíniú, chuir sí cuairteoir eile ar an siopa agus an bpub seo in aithne dom, an fear uasal Ciaran Kelly as contae Thír Eoghain. Roinn mé cúpla líne leis as  "The Boys of the County Armagh" agus  "Pretty Little Girl from Omagh -In the County of Tyrone".  D’inis sé dom go bhfuil amhrán breá eile ann óna chuid sin den tír, "The Martins of Primroy".. Ní mór dom an ceann sin a lorg agus a fhoghlaim, b’fhéidir, mar chuid eile de mo stór. 

Chríochnaigh mé mo phionta blasta den leann dubh agus ansin d’imigh mé ar cos go Boss Croker’s, cúpla bloc thuas.  Beár glórach an raic-cheoil ba ea é seo.  Dá mbeinn singil agus 23 bliana d’aois, bheinn ar neamh ann, is dócha.  B’as Baile Átha Cliath é fear an tí, nó ‘an bas,’ agus bhíodh sé ag déanamh leithscéalta dom agus ag insint dom go raibh mórán múinteoirí chun dul ar saoire agus gurbh é seo an lá deireanach ag obair dóibh.  Bhí meangadh gáire orainn araon, agus d’inis mé dó gurbh amhlaidh liomsa, freisin!

Is as an chathair fhéin é, agus John Clavin is ainm dó.  Scríobh sé blúirín taobh lena ainm faoi BÁC – “an áit is fearr ar domhain lasmuigh de chathair Nua-Eabhraic”…  Ní raibh ach Murphy’s aige, ach bhí sin do mo shásamh.  D’imigh mé tar éis pionta amháin chun an taobh eile den sráid, mar a bhfuil Murphy’s…  Bhraith mé gur áit chompordach theolaí í an áit seo.  Bhí fear an tí an-ghlic, ar nós tábhairneoirí maithe amháin, do mo aithint i measc an slua, agus dhoirt sé Guinness dom.  Bhí sé go hálainn.  D’fhiafraigh mé de an raibh éinne ann as Éirinn, agus dhírigh sé mé i treo duine óig dheas, a shíl mé go mícheart a bheith ina phóilín ón gcathair ag teacht go díreach ón iarnród.  Nuair a chaitheann duine a shaol ar fad i gcathair Nua-Eabhraic, is minic go mbíonn sé in ann daoine a aithint agus a léamh ó bhun go baithis agus is minic go mbíonn an ceart aige, den chuid is mó.  An fear áirithe seo, bhí Meiriceánaigh mórthimpeall air, agus bhí a chuid éadaigh Meiriceánach go leor, ach nuair a labhair sé, bhí blas na hÉireann aige gan dabht.  As Roscrea é, contae Thiobraid Árann.   Shínigh sé an leabhar agus fáilte roimhe, chun a áit dhúchais a chur ar an mapa.  Bhí cara Meiriceánach á bhreathnú agus é á shíniú, agus ríméad air faoi mo iarracht duine as gach contae a fháil mar seo.  D’inis sé do go mba phráinneach dom dul go dtí an Wantagh Inn, mar ba í an oíche dheireanach anseo í do Rossa, atá chun cur faoi arís in Éirinn.  Ceart go leor, chuaigh mé ar ais go dtí an Wantagh Inn, agus bhí sé plódaithe anois.  Níl sé de nós agam ól i mo chomharsanacht féin, mar tá páistí beaga sa bhaile agam agus ní bhíonn an t-am agam le caitheamh agus mo bholg le beár.  Sílim go bhfaca mé taobh istigh na dtithe tábhairne áitiúla i rith an dá lá seo níos minice ná mar a chonaic mé sin an t-am ar fad atáim i mo chónaí anseo.  Sin ráite, an-fhear ab ae é an Rossa seo.  Chan an slua dó, thug siad cártaí agus bronntanais dó, agus thug siad bualadh bas dó go dtí an uair a bualadh an cloigín agus a cuireadh na soilse ar siúl ar 7:00 i.n., nuair a rinneadh an fógra go raibh deireadh a sheala deireanaí taobh thiar den bheár ann.  Is léir go ndearna sé jab an-mhaith mar thábhairneoir, ag déanamh an ruda is tábhachtaí, sin a rá, ag cruthú áite fháiltigh shuaimhnigh do na daoine, mar ab fhéidir leo spraoi a dhéanamh agus a scíth a ligeann, i measc comhluadair bhreá.  Chuir mé ceiliúr air nuair a bhí sé chun imeacht, mhínigh mé mo chuspóir dó, agus shínigh sé mo leabhar mar dhuine as Avoca, contae Chill Mhantáin, mar a mbeidh sé ag cur faoi arís agus é ag filleadh ar Éirinn.  Bhí a fhios aige ónár gcomhrá le chéile  go raibh mé chun scéal an eachtra seo a insint sa nuachtán breá Gaeilge Lá Nua, agus d’iarr sé orm a lua gur Gaeilgeoir líofa é.  Thosaigh mé ar an bponc chun Gaeilge a labhairt leis, agus gan aon agó, cainteoir breá is ea é, agus bhí sé an-sásta go bhfuilimid ag obair ar son na teanga ag Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín.

Bhí sé 7:15 i.n um an dtaca seo, agus d’imigh mé abhaile chun iomrascáil a bhreathnú ar an teilifís le mo chlann óg!!  Bhuail An tAdhlacóir Daidí Mór “V” anois díreach!  Beidh níos mó le hinsint agam faoi mo chuid eachtraí go luath.