Le Brian De
Vale agus Séamas Ó Neachtain
25 Eanáir – An Plean
Is
mise Brian De Vale. Idir 14 Feabhra agus
24 Feabhra, táim chun turas a dhéanamh i gcathair Nua-Eabhraic
agus sa limistéir mórthimpeall uirthi, ag tabhairt cuairte ar na tithe tábhairne
chun cruthú go bhfuil sé indéanta turas fíorúil go hÉirinn a dhéanamh, gan
costas taistil na n-eitleán, trí mheán mo bhuailte le duine amháin, ar a
laghad, as gach contae in Éirinn, agus deoch a ól leo, amhrán a roinnt leo agus
chomhrá a dhéanamh leo.
D’éirigh
liom a leithéid seo a dhéanamh anuraidh.
Bhuail mé le daoine as gach cearn den domhain, gach creideamh, gach cine
daoine, agus mé ar an turas sin, freisin.
Mar phríomhoide ar scoil phoiblí anseo i Nua-Eabhrac, bím ar saoire an
t-am seo bliana, mar bíonn sos seachtaine ann sa gheimhreadh. Is breá liom teangacha agus is ceoltóir
mé. Tá dlúthdhiosca agam, Raise Your
Glass, agus is ball de Chumann Carad na Gaeilge mé, agus is iardhálta
agus iarmhúinteoir
mé de Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín ar Inis
Fada, freisin.
Ionas
nach gceapfaí gur as mo mheabhair ar fad mé, ní mór dom a rá go mbíonn cúrsaí
níos stuama idir lámha ag mo bhean is mo chlann i rith an ama seo. Téann siad ar saoire, agus sin an fáth go
bhfuil an saoirse seo agamsa. Anuraidh,
chuaigh siad ar thuras san Eoraip, mar shampla.
Mar sin, agus mé i m’aonar anseo sa chathair iontach ilchultúrtha ar a
dtugtar Nua-Eabhrac, tapaím an deis an tart a mhúchadh agus spraoi a dhéanamh,
ar son cúise uasail. Nó sin mo scéal, ar
aon nós!
Anuraidh,
chaith mé tamall i dtithe tábhairne in
Sin
agaibh, an plean agus beidh scéalta go leor agam le hinsint as seo amach:
Déardaoin,14
Feabhra – AOH rannóg a dó sa Bhablóin, Inis Fada (mar a mbíonn ranganna Gaeilge
gach seachtain, agus ceol traidisiúnta ina ndiaidh).
Dé
hAoine, 15 Feabhra – The Wantagh Inn (agus tithe tábhairne sa limistéir sin),
Dé
Sathairn, 16 Feabhra – Croinin and Phelan’s, Astoria
Nua-Eabhrac (agus ag siúl an cheantair sin, atá saibhir go leor le tithe
tábhairne Éireannacha). Sunnyside agus
Woodside, freisin.
Dé
Domhnaigh, 17 Feabhra – Aibhinní Woodlawn/Maclean,
mar a mbíonn seisiúin agus craic gach Domhnach.
Dé
Luain agus Dé Máirt, sos le dhá lá, chun dul ar thuras go
Céadaoin/Déardaoin
– braitheann seo ar na contaetha a bheidh fós le fáil. Ag tosú in
Beidh
mo ghiotár agam an t-am ar fad agus táim ag súil go mór leis an gcomhluadar,
agus leis na cairde go léir, idir shean is nua, agus leis an seans seo deoch a
ól agus amhrán a chanadh le daoine ó gach contae. Go n-éirí liom, agus go dtuga Dia a chúnamh
dom!